1. Oifigeach Forbartha á lorg ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Tá Feachtas ag earcú Oifigeach Forbartha ar conradh bliana. Duine fuinniúil agus cumasach, le scileanna
iontacha idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin, atá ag teastáil, chun clár oibre na heagraíochta a chur i
gcrích ar ardchaighdeán.
Is eagraíocht óige é Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus
chun cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Is balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta na nÓg é
Feachtas agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúrsaí Gaeilge. Oibríonn muid le daoine
óga san aoisghrúpa 8-18 mbliana d’aois.
Misean
An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár
fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil.
Fís
Go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus
bródúil as an nGaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.
Riachtanais:
Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
Scileanna maithe eagrúcháin agus riaracháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
Taithí ar Obair Óige
Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
Ceadúnas Glán Tiomána agus teacht ar charr
Inmhianaithe:
Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge, sa Phleanáil Teanga, san Obair Óige, nó a comhionann
Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta
Taithí ar pholasaithe a fhorbairt
Beidh an post lonnaithe in Oifig Feachtas i mBaile Átha Cliath agus ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil
chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Iarratas: Ba chóir (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur chuig eolas@feachtas.ie faoi 12.00 i.n. 17
Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Tuilleadh eolais ar fáil ó: Ciara Ní Bhroin, Feachtas, Oifig a 8, Teach Coghill, 64 Sráid an Dáma, Baile Átha
Cliath 2. Átha Cliath 2. Teil: 01 6725940 nó ciara@feachtas.ie
Fostóir comhdheiseanna is ea Feachtas.
Tá obair Feachtas á maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige