St. Brigid's Day is celebrated on February 1st, the first day of spring. Saint Brigid was born in County Louth, Ireland. Many stories are told of her generosity and kindness towards the poor. As an adult, she founded several convents across Ireland and is considered the first nun. One story describes how she tricked a king into giving her land to build a convent by using her cloak that began to magically grow in size. She built a church there which became known as Kildare. Making St. Brigid's crosses from reeds is a common custom associated with her day.
2. Lá Fhéile Bríde
• Déanaimid Lá Fhéile Bríde a
cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí
Feabhra. Is é sin an chéad lá den
earrach.
• We celebrate St. Brigid’s Day on
February the 1st every year. This
is the first day of Spring.
4. St Brigid / Naomh Bríd
• Tá a lán scéalta againn faoi Naomh Bríd. Duine grámhar, flaithiúil a bhí inti, de réir na scéalta. Bhí
sí i gcónaí fial, cineálta leis na bochtáin. Bhí an-trua aici dóibh.
• We have a lot of stories about St. Brigid. She was a loving, generous person, according to the
stories. She was always generous, kind to the poor. She felt very sorry for them.
5. Naomh Bríd
• Nuair a d’fhás Bríd aníos, shocraigh sí a
bheith ina bean rialta. Bhunaigh sí
clochair in a lán áiteanna ar fud na tíre.
Síltear gurbh í Bríd an chéad bhean
rialta in Éirinn.
• When Brigid grew up, she decided to
become a nun. She founded convents in
many places around the country. Brigid
is thought to have been the first nun in
Ireland.
7. • Lá amháin, chuaigh sí chuig
Rí Laighean agus d’iarr sí
roinnt talún air chun clochar a
thógáil. Níor theastaigh ón rí
aon talamh a thabhairt di.
D’iarr sé uirthi a clóca a
leagan ar an talamh.
‘Tabharfaidh mé an talamh
faoi do chlóca duit,’ ar seisean
léi. Ag magadh fúithi a bhí sé,
mar bhí a fhios aige
go maith nach gclúdódh a
clóca mórán talún.
• Brigid went to visit the King
one day. The King did not
want to give any land to her.
Brigid asked could she have
the land that her cloak will
cover. The King said, ‘you can
have whatever land you cloak
will cover’ as he knew her
cloak wouldn’t cover much
land.
8. • Chuir Bríd a clóca ar an
talamh. Thosaigh an clóca ag
fás! Níorbh fhada go raibh
réimse mór talún clúdaithe
aige. Baineadh geit as an rí.
Ní raibh an dara rogha aige
ach
an talamh ar fad a bhí faoin
gclóca a thabhairt do Bhríd.
• Brigid put her cloak on the
ground. The cloak started to
grow! It wasnt long before
most of the land was covered.
The King got such a fright. He
had no choice but to give all
the land covered by the cloak
to Brigid.
9. • Thóg Bríd clochar ar an
talamh sin, agus thóg sí
‘séipéal’ faoi scáth crann
darach ann. Tugtar ‘Cill Dara’
ar an áit ó shin i leith.
• Brigid built a convent on that
land and built a ‘church’ under
the shade of an oak tree
there. The place has been
called ‘Kildare’ ever since
10. Nós – Crosa Bhríde
• Is iomaí nós a bhaineann le
Lá Fhéile Bríde. Déantar
crosa Bhríde as luachair agus
crochtar sa teach iad chun
muintir an tí a chosaint ó thinte
agus ó olc i rith
na bliana.
• There are many customs
associated with St. Brigid's
Day. Brigid's crosses are
made of rushes and hung in
the house to protect the
people of the house from fire
and evil throughout the year.
11. Cros Bhríde a dhéanamh
• Ag teastáil
• luachair (feagacha) nó giolcacha (timpeall 30 píosa)
• siosúr
• Treoracha
• Fill sifín luachra ina dhá leath. Fág sifín luachra amháin
gan filleadh
12. 2. Tóg an sifín nach bhfuil fillte i do
lámh agus cuir
an sifín atá fillte timpeall air.
3. Beir greim ar na sifíní san áit a bhfuil
an filleadh agus fill sifín eile luachra
trasna orthu. Cas na sifíní 90° ar
dheis.
13. 4. Beir greim ar na sifíní ansin san áit a
bhfuil an filleadh agus fill sifín eile
trasna orthu. Cas na sifíní 90° ar dheis
arís.
5. Beir greim ar na sifíní san áit a bhfuil
an filleadh agus fill sifín eile trasna
orthu.
14. 6. Lean ort ag casadh na sifíní 90° ar dheis agus ag filleadh sifíní
trasna orthu go dtí nach mbeidh fágtha ach ceithre shifín luachra /
Keep turning the cross 90° clockwise and wrapping a reed around it.
7. Gearr ceithre chos na croise chun go mbeidh siad an fad céanna
(timpeall 12cm). / Cut each section of cross so that they are the same
length
8. Beir greim ar chos amháin. Fill sifín luachra timpeall ar cheann na
coise agus cuir snaidhm air. Déan an rud céanna leis na cosa eile / Tie
each end with a band to secure it.
16. Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo
/Find our more about St Brigid here:
• http://www.youtube.com/watch?v=1eDUXepmNLY
• http://www.youtube.com/watch?v=zqpJkSfIrAc