Ride the Storm: Navigating Through Unstable Periods / Katerina Rudko (Belka G...
Fadhbanna an déagóra
1. Fadhbanna an Déagóra Is féidir leat an obair seo a úsáid mar ullmhúchán nó is féidir leat do thopaicí féin a phiocadh. Níl ann ach cabhair duit. Tá pé rud a scríobhann tú féin ceart agus inghlactha freisin ionas go bhfuil sé ag plé leis an teideal. Go n-éirí go geal leat.
3. Smaointe eile Scoil Fadhbanna le rialacha/múinteoirí/ brú scoile Brú cúrsa ollscoile a phiocadh don CAO Sa Bhaile: Easpa saoirse Sa Bhaile: Brú ort a bheith ag staidéar an t-am ar fad. Bulaíocht ar an idirlíon/ ar scoil/i do cheantar.
5. Alt a hAon: Réamhrá Seanfhocal: Mol an óige is tiocfaidh sí Seanfhocal: Ní peaca an tseanaois ní suáilce an óige Seanfhocal: Ní mar a síltear a bítear.
6. Alt a Dó: Bochtanas Ráiteas:Deirtear go bhfuil an-chuid teaglach timpeall na tíre seo ag strácáil le ganntanas airgid Samplaí An Morgáiste/Ráta úis Costas scoile go háirithe i Mí Mheán Fómhair
7. Alt a Trí: Dífhostaíocht Ráiteas:Tá thart ar leathmhilliún duine dífhostaithe in Éirinn i láthair na huaire. Samplaí Níl postanna ag na daoine fásta Níl postanna páirtaimseartha do na déagóirí Tá na déagóirí díomhaoin mar sin. Seanfhocal:Tá ualach na leisce níos troime ná ualach na hoibre.
8. Alt a 4: Easpa ceannaireachta Ráiteas:In am an ghátair casaimid chuig ár gceannairí ach ní i gcónaí a bhíonn siad ann dúinn. Samplaí Easpa áiseanna do na déagóirí Mic léinn ag dul ar imirce, i.e. Ag dul go Meiriceá agus Ceanada ag lorg oibre.
9. Alt a 5: drugaí/alcól Ráiteas:Nuair nach bhfuil mórán féidearachtaí ann, tá an baol ann go gcasfar ar drugaí agus ar chaimiléireacht Samplaí Na círéibeacha i Londain Is bealach éalaithe iad na drugaí Cén fáth go bhfuil sé ag tarlú?
10. Alt a 6: Scoil Ráiteas:Is léir go n-eascraíonn a lán fadhbanna ar scoil. Samplaí Tá seacht n-ábhar iomarcach. Tá brú na bpointí dochreidte. Ba mhaith liom measúnú leanúnach a fheiceáil. Tarlaíonn bulaíocht ar scoil.
11. Clabhsúr Seanfhocal: Tá beocht sa dóchas. Seanfhocal: Dá dhonacht an scéal caithfear dóchas a choinneáil.
Editor's Notes
Má tá réamhrá agus clabhsúr agus ansin ceithre nó cúig alt sa lár beidh do dhóthain agat.Níl anseo ach sampla.D’fhéadfadh scoil a bheith thuas ansin agus fadhbanna scoile, bulaíocht agus brú cairdis .Níl aon phoine mícheart i ndáiríre nuair a bhaineann sé le fadhbanna an déagóra
Mar a luaigh mé cheana níl aon rud mícheart ó tahaobh do smaointe de.
Sin ábhar cúig alt ansin.Táimid ag iarraidh na n-alt a chur le chéile anseo agus ábhar gach alt a phiocadh.Ná déan dearmad go mbeidh réamhrá agus clabhsúr chomh maith leis na hailt thuas.
Sa réamhrá déan cinnte go luann tú na hábhair a bheidh tú ag caint faoi sna hailt dhifriúla. Is féidir leat cúpla seanfhocal oiriúnach a úsáid freisin.Mar shampla:. Féach ar na fadhbanna atá ann idir bhoctanas agus dífhostaíocht, easpa ceannaireachta agus easpa dóchais, drugaí agus chaimiléireacht.
Cuir tús leis an alt le ráitéas. Ansin is féidir leat an ráiteas sin a phlé agus samplaí a thabhairt chun do ráitéas a threisiú.Foclóir: Tá rud éigin ag dó na geirbhe agat= Tá rud éigin ag cur isteach ort.An Tíogar Ceilteach.......... I ndiaidh an Tíogair Cheiltigh. (Sampla den Tuiseal Ginideach)
In am an ghátair= In uair na práinne= Am ar bith atá fadhb ann.Obair................................. Ag lorg oibre. (Sampla den tuiseal ginideach)
Ná déan dearmad gur féidir leatsa ceisteanna a ardú freisin.
Is leor 4 alt sa lár má tá an caighdeán agus an fhaide cheart iontu ach is féidir
Toisc go raibh an teideal chomh tromchúiseach sin b’fhearr liomsa críochnú ar nóta dóchais.Bheadh sé iontach freisin dá mbeifeá in ann abairt nó dó a chur le chéile faoi ábhar na n-alt éagsúla.