1. Coimeádaí Digiteach
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Uimhir Thag NUIG 35-14
Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cáilithe do phost conartha mar Choimeádaí Digiteach i réimse an
chartlannaithe dhigitigh, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá
an post seo maoinithe ag an Program for Research in Third-Level Institutions Cycle 5. Beidh an té
a cheapfar páirteach i bhforbairt Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (Digital Repository of Ireland -
DRI) agus mairfidh an post ón 02 Meitheamh 2014 go dtí an 31 Lúnasa 2015.
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in
2004, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na gcúrsaí trí Ghaeilge, do
ghníomhaíocht taighde agus do sheirbhísí eile. Comhoibríonn an tAcadamh le Coláistí, le ranna
agus le hoifigí eile na hOllscoile, chun forbairt a dhéanamh ar raon agus ar líon na gcúrsaí a
chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar champas na hOllscoile i nGaillimh agus sa Ghaeltacht. Cuireann an
tAcadamh cúrsaí ar fáil ag leibhéal Dioplóma, Céime agus Máistreachta ar champas na hOllscoile i
nGaillimh agus i dtrí ionad sa Ghaeltacht: An Cheathrú Rua, Gaoth Dobhair agus Carna. Ina
theannta sin, cuirtear an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre.
Tá réimse na ndaonnachtaí digiteacha, is é sin teacht le chéile réimsí traidisiúnta léinn agus na
meáin nua dhigiteacha, á shaothrú ag an Acadamh ar mhaithe le cur le héagsúlacht agus le
sainiúlacht an taighde a dhéantar trí Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag an Acadamh cartlann
dhigiteach a fhorbairt trína ndéanfar digitiú agus catalógú ar chartlanna agus ar bhailiúcháin
thábhachtacha (cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cartlann Sheosaimh Uí Éanaí ina measc)
a bhfuil fíorluach ag baint leo maidir le láidriú na Gaeilge agus treisiú na saíochta náisiúnta. Tá sé
mar sprioc an nuatheicneolaíocht a úsáid le hacmhainní na cartlainne a chur ar fáil do phobal na
Gaeltachta agus na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne. Eascróidh deiseanna suntasacha eile
ó shaothrú réimse na ndaonnachtaí digiteacha trí Ghaeilge, ina measc an deis dul i ngleic leis na
bearnaí móra sa soláthar atá ann faoi láthair d’acmhainní teagaisc digiteacha trí Ghaeilge ón
mbunscoil go dtí an tríú leibhéal.
Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Tá sé mar aidhm ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (Digital Repository of Ireland - DRI) stór
acmhainní digiteacha agus infreastruchtúr cartlannaithe a chruthú trína mbeidh spriocphobail
éagsúla in ann teacht ar ábhar ó chartlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla (amhráin, béaloideas,
litríocht, scéalta, stair agus araile) ar mhaithe le foghlaim, teagasc agus taighde. Chomh maith le
hOllscoil na hÉireann, Gaillimh féin tá Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA), Coláiste na Tríonóide
(TCD), Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUIM), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT)
agus Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) páirteach sa tionscadal. Tá an tionscadal
maoinithe faoin PRTLI Cycle 5 thar 4 bliana agus thosaigh an obair i Meán Fómhair 2011. Tugann
an DRI le chéile saineolas ar an gcaighdeán is airde ó réimsí na ndaonnachtaí, na n-eolaíochtaí
sóisialta, na n-eolaíochtaí ríomhaireachta agus ó leabharlanna na hÉireann, chomh maith le
páirtithe leasmhara ó institiúidí cultúrtha, ón earnáil chraolacháin, ó Thuaisceart Éireann agus ón
Eoraip. Trí dhian-chomhoibriú, éireoidh leis an gcomhghuaillíocht seo Stór Digiteach Iontaofa
(Trusted Digital Repository nó TDR) agus stór rochtana a chruthú a bheidh láidir agus
ceannródaíoch. Laistigh de OÉ Gaillimh, beidh an tAcadamh ag comhoibriú le hInstitiúid de Móra
agus le Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston sa tionscadal seo. Tá níos mó eolais faoin DRI le
fáil ag www.dri.ie.
2. Cur Síos ar an bPost
Beidh an té a cheapfar sa phost seo lárnach i bhforbairt tionscadail taispeántais don DRI, ina
dtabharfar léargas ar an saibhreas ábhair i mbailiúcháin éagsúla atá inár seilbh a bhaineann le
cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge trí chéile.
Ar na príomhréimsí oibre a bheas i gceist beidh:
• scagadh agus atheagar a dhéanamh ar ábhar cartlainne an Acadaimh, i gcomhar le
foireann eile an Acadaimh;
• catalógú a dhéanamh ar na bailiúcháin seo, agus iad a chur in oiriúint do chóras
meitashonraithe cuí ionas gur féidir rochtain sásúil a bheith ag pobal ar líne ar an ábhar;
• polasaithe an DRI maidir le húsáid ábhar, le rochtain, le cóipcheart agus le cúrsaí teanga a
dhréachtú agus a chur i bhfeidhm, i gcomhar le foireann eile an DRI;
• forbairt agus seachadadh seirbhísí oideachais agus oiliúna sna daonnachtaí digiteacha
agus i réimsí gaolmhara más gá;
• feidhmiú mar theagmhálaí ábhair agus teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don DRI.
Beidh an obair seo á déanamh i gcomhar le foireann eile an DRI agus le foireann chartlainne an
Acadaimh agus beidh an obair á déanamh in Ionad an Acadaimh, Carna, agus ar champas na
hOllscoile, Gaillimh.
Cáilíochtaí
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir idéalach:
• Ph.D. i réimse na nDaonnachtaí Digiteacha, na Teicneolaíochta Faisnéise, in ábhar a
bhaineann leis na Meáin Chumarsáide, le Béaloideas, le Gaeilge nó in ábhar gaolmhar eile.
• Fáilteofar roimh iarrthóirí le M.A. i gceann de na réimsí thuasluaite ach taithí chuí a bheith
acu in ionramháil ábhair cartlainne.
• Taithí i dtimpeallacht taighde agus forbartha, go hinmhianaithe i réimse na nDaonnachtaí
Digiteacha.
• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta.
• Beidh sé/sí spreagtha agus beidh sé/sí ábalta oibriú as a stuaim féin.
• Beidh ardchumas sa Ghaeilge aice/aige, idir labhairt agus scríobh, mar aon le cumas maith
sa Bhéarla.
Go hinmhianaithe beidh taithí ag an iarrthóir i bhforbairt polasaithe agus treoirlínte agus i
scríbhneoireacht theicniúil (i mBéarla agus/nó i nGaeilge) mar aon le cur amach ar chórais
ríomhaireachta, go háirithe mar a bhaineann sé le hionramháil a dhéanamh ar chomhaid meáin.
Ba mhaith an mhaise don iarrthóir é spéis a bheith aige/aici i gcultúr agus in oidhreacht na
Gaeltachta agus na Gaeilge chomh maith.
Tuarastal €37,750 - €46,255 in aghaidh na bliana. (Cuirfear rialacha polasaithe pá na hearnála
poiblí i bhfeidhm d’iontrálaithe nua.)
Dáta Tosaithe: 02 Meitheamh 2014
Tá tuilleadh eolais faoin Acadamh anseo (www.nuigalway.ie/acadamh) agus faoi Thaisclann
Dhigiteach na hÉireann anseo (www.dri.ie). Is féidir sonraí an phoist a phlé go neamhfhoirmiúil ach
ríomhphost a sheoladh chuig Seathrún Ó Tuairisg (seathrun.otuairisg@oegaillimh.ie).
Chun iarratas a dhéanamh: Seoltar iarratais (i.e. litir chumhdaigh, CV agus sonraí teagmhála
beirt mholtóirí) i bhformáid Word nó pdf amháin chuig seathrun.otuairisg@oegaillimh.ie.
Ba cheart go mbeadh an uimhir thagartha NUIG 35-14 i líne ábhair an iarratais leictreonaigh.
Dáta Deiridh d’iarratais: 5:00pm, 7 Bealtaine 2014.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.