2. Tá ceithre bhealach (nó próiseas) ann ina
gcreimeann tonnta.
1. Gníomhú hiodrálach
2. Aer comhbhrúite
3. Scríobchaitheamh
4. Cnaí
3.
4. • Gníomhú hiodrálach a thugtar ar an bhfórsa a
bhíonn ag uisce agus é ag buaileadh isteach
in aghaidh an chósta.
• D’fhéadfadh na mílte tona d’uisce an cósta a
bhuaileadh nuair a bhriseann na tonnta.
5. • Bíonn aer comhbhrúite sáinnithe ag na tonnta
i scoilteanna sna carraigeacha.
• Cuireann sé sin brú breise ar na carraigeacha.
Nuair a théann an tonn amach i dtreo na
farraige arís, leathnaíonn an t-aer amach mar
a bheadh pléascadh ann.
• Is féidir leis seo an charraig a bhriseadh.
6. • Tarlaíonn scríobchaitheamh nuair a bhíonn
carraigeacha agus clocha á n-iompar ag na
tonnta agus buaileann siad isteach in aghaidh
an chósta iad.
• Leis sin bristear carraigeacha an chósta.
7. • Tarlaíonn cnaí nuair a bhuailtear carraigeacha
agus clocha, a bhíonn á n-iompar ag na
tonnta, i gcoinne a chéile.
• De réir a chéile, meiltear agus mionaítear iad
nó go mbíonn siad mar a bheadh gráinní
gainimh ann.