3. Cad is brí le forbairt?
Is éard atá i gceist forbairt ná saol marachtála
níos fearr a bheith ag daoine. Agus tír ag forbairt
bíonn rochtain ag daoine ar chothú, ar seirbhísí
sláinte agus oideachais níos fearr. De bharr
forbairt bíonn níos lú coiriúlacht agus
foiréigin, agus bíonn níos mó rogha maidir le
conas a chaithtear am saor. De bharr forbairt
bíonn saoirse polaitiúil agus cultúrtha.
4. Cad is brí le forbairt?
Le forbairt bíonn feabhas ar:
• Saol marachtála
• Cothú
• Oideachas
• Sláinte
• Saoirse cultúrtha agus polaitiúil
• Laghdú ar fhoréigean, agus imeaglú
5. Téarmaíocht
Olltháirgeacht Náisiúnta (OTN) Gross National Product (GNP)
Olltháirgeacht Intíre (OTI) Gross Domestic Product (GDP)
Innéacs um Fhorbairt Dhaonna (IFD) Human Development Index (HDI)
Tír Bheagfhorbartha (TBF) Least Developed Country (LDC)
Tír Nua-thionsclaithe (TNT) Newly Industrialised Country (NIC)
Tír Forbartha Most developed Country (MDC)
Tír bhocht i bhfiacha troma Highly indebted poor country
Cuideachta Illnáisiúnta (CIN) Multinational Company (MNC)
6. Olltháirgeacht intíre (OTI)
Séard atá i gceist le OTI ná an luach iomlán de na
earraí agus seirbhísí ar fad a tháirgíonn tír in aon
bhliain amháin. Roinntear an uimhir seo ar an
daonra chun an OTI per capita a fháil.
7. Olltháirgeacht Náisiúnta (OTN)
Séard atá i gceist le OTN ná an luach iomlán de
na earraí agus seirbhísí ar fad a tháirgíonn tír
(OTI) móide ioncam ó infheistíochtaí ó thar lear
lúide ioncam a thuileann eachtrannaí (m.sh.
CIN). Déantar é seo a roinnt ar an daonra. Seo é
ioncam na tíre in aghaidh gach duine sa tír.
9. Tréithe na Tíortha Forbartha
Samplaí de tíortha forbaithe ná SAM, An Seapáin, Nua
Shéalainn, An Chóiré Theas agus tíortha an AE
• Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN) in aghaidh an duine ard.
• Earnáil phríomhúil atá dian ar chaipiteal.
• Earnáil thánaisteach atá dian ar chaipiteal.
• Earnáil treasach atá fíor forbaithe ina bhfuil níos mó ná
50% den daonra ag obair ann.
• Bonneagar forbartha agus nasc mhaith le maragaí an
domhain.
• Lucht oibre le ardoideachas agus atá ardoilte.
• Margadh intíre rachmasach.
11. Tréithe na Tíortha Nua-thionsclaithe
Samplaí de tíortha nua-thonsclaithe ná An India, An
tSín, An Bhraisíl.
• Feirmeoireacht chothaitheach atá i gceist agus tá níos
lú daoine ag obair san earnáil príomhúil mar gheall ar
fhorbairtí cosúil leis an Réabhlóid Uaine.
• Díoltar barrachas aschuir mar ‘barr margaidh’.
• Go minic lonnaíonn corparáid ilnáisiúnta (CIN) sna
tíortha seo, rud atá ag cabhrú le forbairt.
• Tá bonneagar á fhorbairt.
• Tá cumarsáid ag feabhsú agus tá rionnt seirbhísí cosúil
le ionaid glaonna ag lonnú ann, rud atá ag cabhrú leis
an earnáil treasach dul chun cinn a dhéanamh.
13. Tréithe na Tíortha i mBéal Forbartha
Samplaí de tíortha i mbéal forbartha ná An Aetóip,
Uganda.
• Feirmeoireacht chothaitheach atá i gceist agus tá níos
mó ná 60% den daonra ag obair san earnáil príomhúil.
• Is fadhbanna móra iad triomach, ithir neamhthorthúil
agus creimeamh ithreach.
• Go minic is le CINeanna píosaí móra talún torthúla.
• Is bac é an drochbhonneagar do infheistíocht dhíreach
eachtrach (FDI) a mhealladh.
• Go minic is iar-choilíní iad a rinne dúshaothrú ar
acmhainní a gcoilíneachtaí.