2. Lámh Lámh Eile
Lámh lámh eile a haon a dó.
Cos, cos eile a haon a dó.
Súil, Súil eile a haon a dó.
Cluas, cluas eile a haon a dó.
Ceann, Srón, beál agus smig
Is na fiacla bána sa bhéal istigh
Riann agus Amhráin
3. Damhán Alla
Damhán Alla, Damhán Alla
Ar an mballa, Ar an mballa
Tháinig éin, tháinig éin
Ó mo léan!, Ó mo léan!
Riann agus Amhráin
4. 1,2,3 Puisín
A haon, a dó a trí
Tá Puisín ina luí
Bígí ciúin, Bígí ciúin
Ná dúisigí í!
Riann agus Amhráin
zzzz
zzzz
5. Dhá Éinín Bheaga
Dhá éinín bheaga
Thuas ar an gcrann.
Seo é Peadar
Seo é Pól.
Imigh uaim a Pheadair
Imigh uaim a Phól.
Tar ar ais a Pheadair
Tar ar ais a Phóil.
Riann agus Amhráin
6. Mise
Mise an traein puff, puff, puff.
Mise an Madra wuff, wuff, wuff.
Mise an carr, bip, bip, bip.
Mise an sicín, tsíp, tsíp, tsíp.
Riann agus Amhráin
7. Aon dó, capall is
bó
Aon dó, capall is bó
Trí ceathair, brógaí leathair.
Cúig, sé, cupán tae
Seacht, ocht, seanbheán bhocht
Naoi, deich pingin go leith.
Riann agus Amhráin
8. Wuff
Wuff
Mo Mhadra
Sin é mo mhadra ina suí ar stól
Bíonn sé ag ithe is bíonn sé ag ól
Ólann sé bainne is itheann sé arán
Is deir sé Wuff Wuff nuair a bhíonn sé lán.
Riann agus Amhráin
9. Seání
n
Bhí bata ag Seánín
Bhí úlla ar an gcrann
“Oh!” arsa Seanín “Ba mhaith liomsa cheann”.
Chaith sé an bata suas ar an gcrann.
Ach tháinig an bata anuas ar a cheann.
Caroline Lane August 2003
10. Aon dó trí
Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé,
Císte deas i gcomhair an tae,
Uachtar reoite, banana buí,
Lollipop is oráistí.
Cáca milis, fí, fá, fum,
Uachtar reoite yum, yum, yum,
Úlla deasa, hip, hip, hop,
Ach b`fhearr liom féin mo lollipop
Riann agus Amhráin
11. Teidí
Teidí beag álainn, teidí beag buí
Thit sé sa pháirc agus tá sé ina luí
Tá sé ina leaba bheag , tá sé ina luí
Teidí beag álainn, teidí beag buí
Ghortaigh sé a cheann, agus ghortaigh sé a shúil
Ghortaigh sé a lámh, agus ghortaigh sé a ghlúin
Tá sé ina leaba bheag, tá sé ina luí
Teidí beag álainn, teidí beag buí.
Caroline Lane August 2003
12. Seánín ar a
Rothar
Seánín ar a rothar imeacht síos an mbóthar
Seánín ar a rothar haon, dó, trí
Ní fhaca sé an cloch mhór
Roimhe ar an mbóthar
Ní fhaca sé an cloch mhór
Leag sí é.
Seanín ina leaba
Mamaí ag tabhairt aire
Seanín ina leaba haon, dó, trí
Riann agus amhráin
13. Buaileadh Bos
Buaileadh Bos, Buaileadh Bos
Buaileadh Bosa Bána
Buaileadh Bos, Buaileadh Bos
Tusa ná bí dána
Riann agus amhráin
14. Fear an
Phoist
Tá Fear an Phoist ag teacht anois
ag teacht anois, ag teacht anois
Tá Fear an Phoist ag teacht anois
Tá litir aige domsa.
Riann agus amhráin
15. San
Níochlás
Tá San Níochlás ag teacht anocht
ag teacht anocht, ag teacht anocht
Tá San Níochlás ag teacht anocht
Tá breagáin aige domsa.
Riann agus amhráin
16. Rolaí Polaí
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí , Suas, Suas, Suas.
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí, Síos, Síos, Síos.
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí, Amach, Amach, Amach.
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí, Isteach, Isteach, Isteach.
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí, Go Mall, Go Mall, Go Mall.
Rolaí Polaí, Rolaí Polaí, Go Tapaidh, Go Tapaidh, Go
Tapaidh.
Riann agus amhráin