5. Is foinse fuinnimh í an ghrian.
Téann sí gach rud ar domhan.
Súnn painéil ghréine
isteach an teas ón
ngrian. Úsáidtear an
teas sin chun seomraí
a théamh agus chun
uisce te a chur ar fáil.
6. Is foinse fuinnimh é uisce. Úsáidimid
fuinneamh ó uisce reatha chun leictreachas
a ghiniúint i stáisiúin chumhachta.
Tugtar hidrileictreachas ar an leictreachas
a ghintear le huisce.
7. Is foinse fuinnimh í an ghaoth.
Is féidir
leictreachas
a ghiniúint ar
fheirmeacha
gaoithe.
8. Is foinse fuinnimh é an gual.
Faoin talamh a bhíonn an gual.
Baintear as an talamh trí
mhianadóireacht é.
11. Is foinse fuinnimh é an gás.
Faightear
faoin
bhfarraige
nó faoin
talamh é.
12. • Úsáidtear na foinsí fuinnimh seo
le leictreachas a dhéanamh,
i measc rudaí eile.
• Úsáidimid an leictreachas sin
gach lá – sa bhaile, ar scoil agus
ag an obair, mar shampla.
13. Is féidir na foinsí fuinnimh
a roinnt ina dhá ngrúpa.
Foinsí
neamh-in-athnuaite
fuinnimh
Tiocfaidh deireadh
amach anseo
leis na foinsí
neamh-in-athnuaite.
Foinsí in-athnuaite
fuinnimh
Ní thiocfaidh
deireadh leis na
foinsí in-athnuaite
go deo.
15. An raibh an ceart agat?
Foinsí
neamh-in-athnuaite
fuinnimh
Foinsí in-athnuaite
fuinnimh
16. • Breoslaí iontaise a
thugtar ar ghual,
ar ghás, ar ola agus
ar mhóin.
• Faighimid breoslaí
iontaise faoin talamh
nó faoin bhfarraige.
• Is é atá sna breoslaí
iontaise, iarsmaí
d’ainmhithe agus de
phlandaí a fuair bás
fadó.
Breoslaí Iontaise
Ainmhithe agus Plandaí Marbha faoi Uisce
Brú agus Teas na Milliún Bliain
Breoslaí Iontaise
17. • Ó bhreoslaí iontaise is mó a thagann
an fuinneamh a úsáidtear chun
leictreachas a ghiniúint in Éirinn. Is
iad na breoslaí iontaise is mó a
úsáidtear freisin mar bhreosla
le haghaidh na modhanna iompair
éagsúla.
• Tiocfaidh deireadh leis na breoslaí iontaise lá
éigin. Is foinse neamh in athnuaite fuinnimh iad.‑ ‑
• Ba cheart dúinn tréaniarracht a dhéanamh
fuinneamh a chaomhnú, mar sin.
19. • Ísligh an teas.
• Múch na soilse mura
mbíonn gá leo.
• Ná fág an teilifís ar fuireachas.
• Déan do chuid taistil ar
an rothar seachas sa
charr má tá sé sábháilte
sin a dhéanamh.
• Tóg cith seachas folcadh.
20. Fearas
• Péint dhubh
• Dhá bhosca phlaisteacha
• Uisce
• Teirmiméadar
• Scannán cumhdaithe
Modh
1. Úsáid an phéint dhubh chun an taobh istigh de bhosca
amháin a phéinteáil.
2. Fan tamall go dtriomóidh sí.
3. Cuir beagán uisce sa dá bhosca.
4. Tomhais an teocht sa dá bhosca. Bain úsáid
as an teirmiméadar.
5. Cuir scannán cumhdaithe thar bhéal na mboscaí.
6. Fág in áit ghrianmhar iad.
Turgnamh:
Painéal gréine a dhéanamh
21. Tuar
Tomhais teocht an uisce tar éis cúpla
uair an chloig.
1. An dtéifidh an t-uisce i mbosca
amháin níos tapúla ná an t-uisce
sa bhosca eile?
2. Cé acu bosca ina dtarlóidh sé sin?
22. Céard a tharla?
Théigh an t-uisce sa bhosca dubh níos
tapúla ná an t-uisce sa bhosca eile.
23. Ionsúnn nithe dorcha níos mó teasa ná nithe
geala. Mar sin, bíonn dath dubh ar phainéil
ghréine chun a oiread teasa agus is féidir a shú
isteach.
24. Ráiteas Fíor Bréagach
Is foinse fuinnimh é uisce.
Dóitear breoslaí iontaise chun leictreachas
a ghiniúint.
Is foinse neamh-in-athnuaite fuinnimh
í an ghrian.
Faightear móin i bportach.
Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ola.
Úsáidtear uisce chun hidrileictreachas
a ghiniúint.
Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ghaoth.
Faoin talamh a bhíonn an gual.
Is breoslaí iontaise iad ola agus gás.
Fíor nó Bréagach?