SlideShare a Scribd company logo
1 of 36
Dúshláinagus Deiseanna a bhaineann le Fógraíocht
ar Facebook ar Lucht Ghnó.
Joyce Ní Chionnaith
Dearbhaím gurb é mo shaothar féin ar fad atá sa Mhiontráchtas seo.
4BDC1 (BA Cumarsáid) /GA415, Bealtaine 2016
Stiúrthóir: Gearóidín Uí Loideáin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
1
Buíochas
Gabhaim buíochas as an gcabhair a thug stiúrthóir an mhiontráchtais Gearóidín Uí Loideáin dom le
linn na bliana acadúla seo. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo chlann, m’athair agus
mo mháthair ach go háirithe as an méid tacaíochta a thug siad dom don cheithre bliana ollscoile- ní
bheadh mé ann gan a gcuid cabhrach.
Gabhaim buíochas le rannpháirtithe an taighde seo freisin- Allan Kelly ó Karma Galway agus mic
léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
2
Achoimre
Rinneadh taighde ar an cheist Dúshláin agus Deiseanna a bhaineann le Fógraíocht ar Facebook do
lucht ghnó. Labhraíodh le Allan Kelly ó chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcathair na
Gaillimhe faoina dtaithí le cúrsaí fógraíochta ar Facebook.
Tugadh faoi deara go bhfuil forbairt mhór déanta ar rannóg na fógraíochta ar Facebook le cúpla bliain
anuas agus go bhfuil gnó ag cur go leor ama isteach ina leathanach Facebook. Theastaigh ón
taighdeoir an ghné seo de ghníomhacht ar Facebook a fhiosrú agus léargas a fháil ó thaobh an ghnó
agus ón lucht úsáidte.
Fuarthas amach go bhfuil go leor oibre i gceist le leathanach Facebook a choinneáil suas chun dáta
agus chun lucht úsáidte Facebook a mhealladh isteach chuig do phróifíl. Léirigh an taighde chomh
maith nach dtugann lucht úsáidte Facebook “like” do gach rud ar a leathanach. Léirigh an taighde
chomh maith gur fearr le úsáideoirí Facebook pictiúir nó fís seachas ábhar scríofa.
3
Clár
Buíochas................................................................................................................................ 1
Achoimre ............................................................................................................................... 2
Caibidil 1: Réamhrá................................................................................................................ 5
1.1 Tábhacht an Taighde ..................................................................................................5
1.2 Téamaí an Taighde .....................................................................................................5
1.3 Ceisteanna Taighde ....................................................................................................5
1.4 Sainmhínithe.............................................................................................................. 6
1.4.1 Na Meáin Shóisialta ............................................................................................ 6
1.4.2 Facebook............................................................................................................ 7
1.4.3 Margaíocht agus Fógraíocht................................................................................. 7
Caibidil 2: Léirmheas Litríochta........................................................................................ 9
2.1 Réamhrá.................................................................................................................... 9
2.2 Stair Facebook ...........................................................................................................9
2.3 An réabhlóid: An Fás ar Fhógraíocht ar Facebook ...................................................... 10
2.4 Dearcadh an Phobail i leith na fógraíochta ar Facebook .............................................. 12
2.5 Fógraíocht ar Facebook: Duine ar Duine .................................................................... 12
2.6 Conclúid.................................................................................................................. 13
Caibidil 3: Modheolaíochtaí Taighde ..................................................................................... 14
3.1 Réamhrá.................................................................................................................. 14
3.2 Rannpháirtithe an taighde ......................................................................................... 14
3.3 Teorainneacha Taighde ......................................................................................... 15
3.4 Cur chuige an taighde ............................................................................................... 15
3.5 Modhanna Taighde................................................................................................... 16
3.5.1 Breathnóireacht ................................................................................................ 16
3.5.2 Agallamh ......................................................................................................... 17
3.5.3 Ceistneoir......................................................................................................... 18
Caibidil 4: Torthaí agus Anailís ............................................................................................ 20
4.1 Breathnóireacht........................................................................................................... 20
4.2 Agallamh ............................................................................................................. 23
4.3 Ceistneoir ................................................................................................................... 26
4.4 Anailís ar an taighde ................................................................................................ 29
Caibidil 5: Conclúid agus moltaí............................................................................................ 31
6.1 Conclúid.................................................................................................................. 31
6.2 Moltaí...................................................................................................................... 31
4
Tagairtí................................................................................................................................ 33
Aguisín ................................................................................................................................ 35
5
Caibidil 1: Réamhrá
Is í an aidhm atá ag an taighde seo ná staidéar a dhéanamh ar na deiseanna agus dúshláin a
bhaineann le fógraíocht Facebook do lucht Gnó. Beifear ag déanamh cás-staidéar ar ghnó atá
lonnaithe i nGaillimh. Scrúdófar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le Facebook a
úsáid mar uirlis fhógraíochta don chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcathair na
Gaillimhe. Déanfar imscrúdú freisin ar ghnéithe fógraíochta atá ar fáil ar Facebook agus
léireofar na torthaí ag deireadh an pháipéir seo.
1.1 Tábhacht an Taighde
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gceist seo mar go bhfuil an saol gnó ag athrú i gcónaí.
Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go gcoinníonn gnóthaí suas chun dáta leis an méid atá ag
tarlú timpeall orthu. Is léir go bhfuil tionchar ollmhór ag na meáin shóisialta ar chúrsaí
fógraíochta sa cúpla bliain anuas. Mar a léireoidh mé le linn an taighde seo, is é Facebook
pointe lárnach do chúrsaí margaíochta agus fógraoíchta agus ar ndóigh cúrsaí pearsanta sa lá
atá inniu ann.
1.2 Téamaí an Taighde
Déanfar staidéar ar:
• Cúlra fógraíochta an ghnó ar Facebook.
• Gnó agus Facebook: An cur chuige atá ag gnó ar Facebook.
• Cás-Staidéar: Club Oíche Karma Galway, comparáid idir trí leathanach Facebook le
comparáid staitistiúil a dhéanamh.
 Dearcadh na mac léinn i leith na fógraíochta ar Facebook.
• Dúshláin agus Deiseanna a bhaineann le Facebook i gcúrsaí fógraíochta.
1.3 Ceisteanna Taighde
Is í an phríomhcheist taighde a bheifear á plé anseo ná na dúshláin agus na deiseanna a
bhaineann le Facebook do lucht gnó. Déanfar an cheist seo a phlé bunaithe ar na ceisteanna
taighde seo a leanas:
• Cé na modhanna fógraíochta a úsáideann an comhlacht?
• Cé mhéad “likes” a fhaigheann an comhlacht go laethúil?
• Cén modh is éifeachtaí le fógraíocht a dhéanamh ar Facebook?
• Cén buntáiste a bhaineann le leathanach Facebook a bheith acu?
• Cé na dúshláin/ deiseanna a bhaineann le leathanach Facebook a bheith mar uirlis
mhargaíochta do lucht gnó?
6
1.4 Sainmhínithe
1.4.1 Na Meáin Shóisialta
Tugann Boyd and Ellison (2007) sainmhíniú éasca agus cruinn ar na meáin shóisialta;
“We define social network sites as web-based services that allow individuals to (1) construct a
public or semi-public profile within a bounded system, (2) articulate a list of other users with
whom they share a connection, and (3) view and traverse their list of connections and those
made by others within the system. The nature and nomenclature of these connections may vary
from site to site.”
Labhair Boyd and Ellison (2007, lth.210) faoi cá bhfaigheann na meáin shóisialta a n-ainm.
Déanann na suíomhanna móra ar nós Facebook líonrú le daoine eile atá agat i do shaol
sóisialta cheana féin, mar sin tá tú ag cur d’íomhá ar líne agus ag cruthú nasc le daoine eile.
“Profiles are unique pages where one can “type oneself into being” (Sundén 2003, p. 3). After
joining an SNS, an individual is asked to fill out forms containing a series of questions. The
profile is generated using the answers to these questions, which typically include descriptors
such as age, location, interests, and an “about me” section. Most sites also encourage users to
upload a profile photo.”
Leanann Boyd and Ellison (2007, lth.211) ar aghaidh ag míniú don léitheoir, nuair a
shocraíonn duine próifíl a chur le chéile tosaíonn sé/sí ag dul i dteagmháil le daoine eile agus
rangaítear iad faoin ainm “Cairde,” “Teagmhálaithe,” agus “lucht leanúna.” Dúirt Boyd and
Ellison (2007, lth.211) le linn na tuairisce go bhfuil bealaí ann gur féidir leis an duine a bhfuil
próifíl aige/aici na seirbhísí éagsúla agus úsáideach atá ar fáil cosúil le:
“Friends, comments, and private messaging, SNSs vary greatly in their features and user base.
Some have photo-sharing or video-sharing capabilities; others have built-in blogging and
instant messaging technology”
Tháinig feabhas agus forbairt ollmhór tagtha ar na meáin shóisialta le linn na mblianta.
Léiríonn Noyes and Noyes (2015) sa tuairisc a rinne siad ar staitisticí Facebook:
• “Worldwide, there are over 1.49 billion monthly active Facebook users (MAUs)
which is a 13 percent increase year over year.
• 4.5 billion likes generated daily as of May 2013 which is a 67 percent increase from
August 2012 (Source: Facebook)
• 968 million people log onto Facebook daily (DAU) for June 2015, which represents a
17% increase year over year.” (Noyes and Noyes, 2015)
Léiríonn na staitisticí seo an fás ata tagtha ar Facebook ó cruthaíodh é sa bhliain 2004.
Leathfaidh sé ó 100,000 leantóir in ollscoil Harvard go dtí 1.49 billiún leantóir laistigh de dhá
bhliain déag.
7
1.4.2 Facebook
Tá Facebook mar chuid na meáin shóisialta. Tá sé dírithe ar dhaoine a bhíonn ar líne go
minic. Míníonn WhatIs.com (2016) dúinn:
“Facebook is a popular free social networking website that allows registered users to create
profiles, upload photos and video, send messages and keep in touch with friends, family and
colleagues. The site, which is available in 37 different languages,includes public features such
as:
• Marketplace - allows members to post, read and respond to classified ads.
• Groups - allows members who have common interests to find each other and interact.
• Events - allows members to publicize an event, invite guests and track who plans to
attend.
• Pages - allows members to create and promote a public page built around a specific
topic.
• Presence technology - allows members to see which contacts are online and chat.”
Ó thaobh an phíosa taighde agus cúrsaí margaíochta de is beag an seans nach mbeadh ghnó ar
Facebook. Dar le Noyes and Noyes (2015):
“42% of marketer’s report that Facebook is critical or important to their business”
Tá sé an-mhealltach do ghnó mar gheall ar an réimse leathan daoine atá tú in ann a mhealladh
chuig do leathanach agus an rud is mealltaí do lucht gnó ná go bhfuil sé saor in aisce.
1.4.3 Margaíocht agus Fógraíocht
Sa mhiontráchtas seo beifear ag déanamh tagartha do mhargaíocht agus d’fhógraíocht.
Míníonn Lake (2016) an difríocht idir margaíocht agus fógraíocht agus an chaoi go dtéann
siad lámh ar lámh:
“The best way to distinguish between advertising and marketing is to think of marketing as a
pie, inside that pie you have slices of advertising, market research, media planning, public
relations, product pricing, distribution, customer support, sales strategy, and community
involvement. Advertising only equals one piece of the pie in the strategy.”
Nuair a bhunaítear aon ghnó, tá fógraíocht de shaghas éigin i gceist leis má tá an gnó ag
iarraidh a bheith rathúil. Sna blianta roimh na meáin shóisialta ní raibh ach cúpla seirbhís
fógraíochta ann a mbeadh an fear/bhean g(h)nó in ann a úsáid chun an gnó a chur chun cinn.
Ba iad na seirbhísí sin ná: páipéar nuachta/irisleabhar, an teilifís, an raidió agus an fógra
clóite. Bhí costas an-ard ag baint leis na seirbhísí sin. Tugann Silk (2006, lth.vii) sainmhíniú
dúinn ar chéard is fógraíocht ann agus an tábhacht a bhaineann léi:
“...marketing refers to what a business should do to create and exchange value with customers.
In this sense, marketing has a major role to play in setting a firm’s strategic direction.”
8
Maíonn Silk (2006, lth.3) go bhfuil margaíocht agus cúrsaí fógraíochta lárnach don tseirbhís
nó don táirge a bheadh an gnó ag iarraidh a dhíol agus sásamh custaiméirí a bhaint amach
leis. Deir Silk (2006) má dhíríonn gnó ar a spriocmhargadh agus má dhéanann siad forbairt
bunaithe orthu, beidh torthaí níos láidre le feiceáil i rath an ghnó.
“The central role of marketing in the Enterprise stems from the fact that marketing is the
process via which a firm creates value for it’s chosen customers.” (Silk 2006, lth.3)
Maidir leis an taighde seo de, beifear ag plé fógraíochta agus na treochtaí atá le feiceáil atá le
fógraíocht ar Facebook.
9
Caibidil 2: Léirmheas Litríochta
2.1 Réamhrá
Sa léirmheas litríochta seo, beifear ag plé Stair Facebook agus fás atá tagtha ar chúrsaí
fógraíochta ar Facebook. Díreofar ar an ‘réabhlóid’ maidir le fógraíocht ar Facebook, an
tionchar atá ag an suíomh sóisialta Facebook ar earnáil na fógraíochta. Luaifear ‘Fan Page’
agus an tionchar atá aige ar chúrsaí fógraíochta agus freisin labhrófar faoin riachtanas a
bhíonn gnó an lae inniu, leathanach Facebook a bheith acu mar chuid dá bplean margaíochta.
Labhrófar faoi dhearcadh an phobail i leith cúrsaí fógraíochta ar Facebook agus an stíl ‘duine
ar duine’ ar chruthaigh Facebook le blianta beag anuas.
2.2 Stair Facebook
Tá Facebook ar cheann de na príomhshuíomhanna a bhaineann leis na meáin shóisialta. Is é
Mark Zuckerberg an duine a chruthaigh an suíomh. Bhunaigh Zuckerberg Facebook sa
bhliain 2003. Ba mhac léinn Harvard é Zuckerberg agus é fós i mbun céime ag an am. An tús-
smaoineamh a bhí aige ná suíomh sóisialta a chruthú laistigh de Harvard, as an smaoineamh
sin tháinig “Course Match”.
“The idea was to help students pick classes based on who else was taking them. You could
click on a course to see who else signed up, or click on a person to see the courses he or she
was taking.” (Kirkpatrick 2010, lth.19)
Cúpla mí ina dhiaidh Course Match a chruthú, tháinig smaoineamh eile chun cinn,
“Facesmash”. An aidhm a bhí i gceist leis an tionscnamh seo ná a fháil amach cé a bhí ní ba
ghnéasaí. Dhírigh sé arís ar mhic léinn Harvard.
“Using the kind of computer code otherwise used to rank chess players...he invited users to
compare two different sexes of the same sex and say which one was hotter.” (Kirkpatrick
2010, lth.23)
Lean Zuckerberg ar aghaidh ag códú agus thóg sé na heilimintí de Course Match, Facesmash
chomh maith leis an ngrúpa eile a bhí Zuckerberg ina bhall de Friendster (suíomh sóisialta
eile a bhí ag Mic Léinn Harvard amháin) agus chláraigh sé ar Register.com an suíomh
Thefacebook.com.
“On such services people linked their profiles to those of their friends, thereby identifying
their own ‘social network.” (Kirkpatrick 2010, lth.27)
Faoin mbliain 2008, thug Zuckerberg an dá eilimint is mó maidir le cumarsáid; An tIdirlíon
agus saol sóisialta an duine le chéile. Tháinig forbairt ar Facebook bliain i ndiaidh bliana agus
ar deireadh bhí sé oscailte don phobal ar fad. Dar leis an tuairisc a d’fhoilsigh Noyes and
10
Noyes (2015) go dtugann an tuairisc ar staitisticí Facebook léargas ar an bhfás agus an
fhorbairt atá ag an gcomhlacht suas go dtí deireadh 2015:
 “The Average American Spends 40 minutes on Facebook.
 Age 25 to 34, at 29.7% of users, is the most common age demographic.
 968 million people log onto Facebook daily (DAU) for June 2015, which represents a
17% increase year over year.
 Facebook users are 76% female and 66% male.
 There are 1.31 billion mobile active users (MAU)”
Is léir go bhfuil fás ollmhór tagtha ar an gcomhlacht, mar a deir an liominsint ó Zuckerberg é
féin dar le BrainyQuote.com (2016):
“The real story of Facebook is just that we've worked so hard for all this time. I mean, the real
story is actually probably pretty boring, right? I mean, we just sat at our computers for six
years and coded.”
2.3 An réabhlóid: An Fás ar Fhógraíocht ar Facebook
“In May 2006, the month that the company opened its doors to everyone, it had 14 million
users; by the same time next year, the user base had nearly doubled to 26.6 million, a
staggering growth rate of 89%.” (Todi 2008, lth.12)
Léirigh Todi (2008) anseo an fás ollmhór a tháinig ar Facebook laistigh d’fhráma ama an-
bheag. Mhéadaigh líon a n-úsáideoirí faoi dhó bliain i ndiaidh dóibh an comhlacht a bhunú.
Chuir sé seo go mór leis an éileamh fógraíochta ar Facebook. Os rud é go raibh níos mó ná 20
milliún úsáideoir ar an suíomh, bhí margadh ollmhór ar fáil do lucht ghnó. Ó thús 2011
tháinig go leor athruithe ar an bhfód ó thaobh an ghnó de ar Facebook. Tharla sé sin an-tapa
díreach mar a léiríonn an t-irisleabhar, Advertising on Facebook (2011) an chaoi ar tháinig
athrú ar Facebook ó uirlis shóisialta go huirlis mhargaíochta agus fhógraíochta:
“The Social Networking sites original intention was to connect people socially; sharing likes,
dislikes and photos, however, companies are starting to create “Fan Pages” and taking similar
approaches to connect with their audience.” (Advertising on Facebook 2011, lth.27)
Labhraíonn an tuairisc atá déanta ag “The Business of Social Media, 2011”, faoin chaoi ar
tháinig na stíleanna margaíochta ar Facebook agus ar líne i bhfeidhm de réir a chéile do ghnó
agus iad ag déanamh fógraíochta:
“The new generation of business marketers is able to exploit social media in ways that their
elders could not fathom. Like early marketing on TV, businesses tried to use social media like
their static website.” (The Business of Social Media 2011, lth.127)
Cuireann an tuairisc ó The Buisness of Social Media (2011) in iúl dúinn an chaoi go bhfuil
cúrsaí fógraíochta anois athraithe go huile is go hiomlán maidir le Facebook. Léiríonn an graf
11
agus an athfriotal síos (Statista 2016) an fhorbairt atá tagtha ar ioncam fógraíochta ar
Facebook ón mbliain 2009 go dtí 2015.
“The majority of Facebook’s revenue comes from advertising. From the first quarter 2010
Facebook has reported its global revenue on a quarterly basis, broken down by segment. In the
first quarter of 2010, the company’s advertising revenue totaled 340 million U.S. dollars and
payments and other fee revenues totaled 5 million dollars. In the third quarter of 2012,
Facebook’s advertising revenue broke the 1 billion dollar mark and in the third quarter 2014 it
reached 2.96 billion U.S. dollars.” (Statista 2016)
Inniu tá 800,000,000 úsáideoir ag Facebook. Labhraíonn Alia Haley faoi cén fáth go bhfuil
Facebook riachtanach mar uirlis mhargaíochta ghnó sa lá atá inniu ann.
“...only a couple of popular social media sites have as much as 800 million users. Facebook
alone has this many! So, you can imagine the extent to which you can reach customers in a
quick and cost efficient manner through social media.” (Haley 2016)
Leanann Haley (2016) ar aghaidh ag míniú conas a oibríonn cuntais Facebook ó thaobh gnó
de ó tháinig an ‘fan page’ ar an bhfód sa bhliain 2011.
“A social media site is just like a virtual mall and if you are present in that mall with your
products and services then obviously you are making your presence felt amongst your
potential buyers.” (Haley 2016)
Míníonn Hayley (2016) an straitéis mhargaíochta agus cuntais Facebook. Insíonn an sleachta
atá scríofa aici faoi na buntáistí a bhaineann le Facebook mar shampla; an comhrá oscailte,
scéal ón mbéal margaíochta, nochtadh branda srl.
“You can literally make your brand popular through social media sites. As more and more
people get to know your brand, you get more and more opportunity to connect with people and
establish your reputation amongst them.”
12
Mar a léiríonn an graf agus na hathfhriotail thuas, tagann an méid is mó d’ioncam Facebook ó
chúrsaí fógraíochta. Tharla an ‘réabhlóid’ an-tapa agus tá athruithe ag tarlú ar an suíomh de
réir is atáthar ag léamh an mhiontráchtais seo.
2.4 Dearcadh an Phobail i leithna fógraíochta ar Facebook
Is é an sainmhíniú atá ar dhearcadh nó iompar an duine ná conas a mhothaíonn siad go
dearfach nó go diúltach faoi dhuine, rud nó smaoineamh faoi leith. Leis na meáin shóisialta tá
cumhacht ag comhlachtaí dearcadh an duine a athrú.
“Even though social media has been recognized as the most potentially powerful medium in
business practice, there is lack of understanding in terms of why people use social media and
how they perceive social media marketing messages.”(Chung, 2010)
Deir an Chiou (2008) atá luaite thíos, go bhfuil siad ag cur béime ar an tábhacht atá ag
dearcadh an duine i leith táirge agus i leith an táirge atá siad ag cur ar fáil trí Facebook ar na
meáin shóisialta. Déanann an staidéar atá déanta ag iProspect cur síos cruinn ar cad atá ar
mheon an ghnó agus iad ag piocadh fógraíochta ar líne agus an fáth go bpiocann siad na
suíomhanna sin.
“The better the attitude a person has toward a brand, the more likely he or she is to use the
product. Conversely, the less positive the attitude, the less likely he or she would be to use the
product.”(Chiou et al., 2008).
In Éirinn rinneadar taighde ar an meánam a chaitheann an duine Éireannach ar Facebook
gach lá.
“the average time spent on Facebook by just under 2.6 million Irish users is five hours and 40
minutes per week, or somewhere in the region of 49 minutes per day.” (Heneghan 2016)
Mar sin, is léir go bhfuil dearcadh an phobail i leith Facebook láidir agus go bhfuil spás go
cinnte do ghnó margaíocht a dhéanamh air go rathúil.
“Even though social media has been recognized as the most potentially powerful medium in
business practice, there is lack of understanding in terms of why people use social media and
how they perceive social media marketing messages.” (Chung 2010)
2.5 Fógraíocht ar Facebook: Duine ar Duine
Léirigh an píosa níos luaithe sa Léirmheas Litríochta seo faoin ‘réabhlóid Facebook’, ‘Fan
Pages’ agus an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach cuntas Facebook a bheith ag gnó chun níos
mó poiblíochta a dhéanamh orthu féin agus a dtáirge. Téann leathanach Facebook gnó nó
‘Fan Page’ agus straitéisí fógraíochta lámh ar lámh. Is straitéis fógraíochta í margaíocht
‘Duine ar Duine’. Luadh níos luaithe sa mhiontráchtas seo (Sainmhínithe, Margaíochta) faoi
aidhm margaíochta agus fógraíochta. Má smaoinítear faoi, tá sé deacair le creidiúint go bhfuil
13
suas le 800,000,000 úsáideoir Facebook ann. Tugann ‘Fan Page’ an-seans do ghnó – beag nó
mór- cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis an gcustaiméir. Is dócha go bhfuil an ghné seo den
fhógraíocht ar Facebook ar an ghné a dhéanann idirdhealú ón seanstíl fógraíochta (clóite,
raidió srl.) Ní raibh an chumarsáid dhíreach sin ar fáil roimh Facebook. Cuireann Haley
(2016) go mór leis an tuairim faoin stíl fógraíochta ‘Duine ar Duine’.
“Social media sites give your business an opportunity to connect with the customers on a one
on one basis and get a feel of their needs and wants from their feedback. This is a very
powerful tool when it comes to establishing your brand’s reputation amongst your customers.”
(Haley 2016)
Tá Facebook mar uirlis chumarsáide idir an ngnó, a seirbhís/táirge agus a chuid custaiméirí.
Mar shampla má fhaigheann custaiméir teachtaireacht dhíreach ó ghnó, cuireann sé in iúl don
chustaiméir go bhfuil an gnó bailí agus tugann sé aiseolas tábhachtach freisin don ghnó
aiseolais tábhachtach- tá siad spléach ar a chéile. Labhraíonn an t-alt ‘Advertising on
Facebook’ faoin cur síos a dhéantar fógraíocht ‘Duine ar duine’:
“Promotion via Facebook is used by companies who have one on one contact with their
consumer as well. When an individual chooses a hairdresser, a beautician, a marketing
consultant, or a property manager for example, they are choosing a person not a company.”
(Advertising on Facebook 2011, lth.28)
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ar ghnó sna laethanta seo, próifíl ‘shóisialta’ a chruthú ar
an leathanach gnó. Léiríonn sé seo nach bhfuil an gnó ach amháin ag iarraidh airgead a
thuilleadh ach go bhfuil siad ag iarraidh ardchaighdeán seirbhíse/táirge a chur ar fáil freisin.
“In this context, it is required that marketers identify the sites in which the influence level is
high. Also, they can develop methods to have a close relationship with users who visit these
sites.”
2.6 Conclúid
Mar iomlán ón méid atá pléite agam, is léir go bhfuil an fás atá ag teacht ar Facebook mar
chuid de na meáin shóisialta agus an earnáil fógraíochta fite fuaite lena chéile agus go bhfuil
ceann amháin ag brath ar an gceann eile sa lá atá inniu ann. Tagann na teideal uilig le chéile
ionas go mbeadh an ghnó in ann an méid is mó buntáiste a bhaint uaidh.
14
Caibidil 3: ModheolaíochtaíTaighde
3.1 Réamhrá
Sa chaibidil seo déanfar cur síos ar na modhanna taighde a úsáideadh chun an taighde seo a
chur i gcríoch. Ba iad na modhanna taighde a úsáideadh ná:
 Breathnóireacht a dhéanamh ar ghníomhacht Facebook do cheithre leathanach gnó atá
ar Facebook. (an phríomhchás-stáidéar Karma Galway san áireamh)
 Agallamh le Allan Kelly, Bainisteoir le Karma Galway atá ar Facebook. (Príomhchás-
stáidéar)
 Ceistneoir a scaipeadh i measc Mhic Léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá
lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Socraíodh na modhanna seo a úsáid mar gur socraíodh gurbh iad ba oiriúnaí agus ba
éifeachtaí chun teacht ar thorthaí agus conclúid shoiléir don taighde seo. Baineadh úsáid
as modhanna cáilíochtúla agus cainníochtúla.
3.2 Rannpháirtithe an taighde
Cé hiad féin:
 Karma Galway:
Bunaíodh Karma sa bhliain 2005. Tá an club oíche suite i gcroílár na cathrach in aice
na Faiche Móire. Tá clú agus cáil bainte amach acu tar éis bliainta san earnáil. Bíonn
meascán idir ceoltóirí áitiúla agus ceoltóirí mór le rá mar chuid den siamsaíocht a
bhíonn ar siúl sa chlub. Bíonn oícheanta téama ann freisin le daoine cáiliúla le feiceáil
ann go minic. Is club é Karma Galway, le hatmáisféar sábháilte le foireann oibre den
scoth ann. Is é Allan Kelly bainisteoir Karma Galway atá ag obair leis an gclub le
cúig bliana.
 Mic Léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá lonnaithe ar an gCeathrú
Rua:
Scaipeadh an ceistneoir i measc mhic léinn atá ar chúrsa BA sa Chumarsáid chomh
maith le mic léinn atá i mbun an chúrsa Ríomhaireachta agus An Dioplóma sa
Ghaeilge. Is ionad é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a chuireann cláir chéime
agus iarchéime ar fáil do mhic léinn ar mian leo cáilíocht chéime/iarchéime a bhaint
amach sna réimsí seo a leanas; Riarachán Gnó, Cumarsáid - Craoltóireacht Raidió
agus Teilifíse, Léann an Aistriúcháin, Ateangaireacht, Pleanáil Teanga, Oideachas, Na
hEalaíona agus Teicneolaíocht Faisnéise.
15
3.3 Teorainneacha Taighde
Tuigtear don taighdeoir go bhfuil líon beag daoine i gceist leis an taighde seo. Socraíodh cas-
staidéar a dhéanamh ar ghnó amháin sa mhéad is go dtabharfadh sé léargas ar fhógraíocht ar
Facebook go ginearálta. Thabharfadh an cás-staidéar seo tuiscint ar an obair a bhaineann le
cúrsaí fógraíochta ar Facebook agus an úsáid gur féidir le comhlacht a bhaint as. Tuigtear
don taighdeoir go mbeadh gá le sampláil níos mó a dhéanamh le go mbeadh sé ionadaíoch ar
thuairimí an phobail.
3.4 Cur chuige an taighde
Ba í aidhm an taighde seo ná na dúshláin agus na deiseanna do lucht gnó a bhíonn ag
fógraíocht ar Facebook go minic a léiriú. Léireofar é seo trí mhodhanna éifeachtúla don
chineáil staidéar seo. Maidir leis na modhanna taighde atá agam tá siad spléach ar a chéile.
Baineadh úsáid as:
1. Breathnóireacht:
Tabharfar cuntas scríofa thar sheachtain amháin ar ghníomhacht Facebook do cheithre club
oíche, mo chás-staidear Karma Galway san áireamh, ag féachaint ar na gnéithe seo a leanas;
 Cé mhéad post a chrochann an gnó gach lá.
 Cén sórt post é (pictiúir, fís, post scríofa srl.)
 Cén mhéad ‘likes’, ‘shares’ agus ‘tráchtanna’ a fhaigheann gach post.
Bhí an t-eolas seo riachtanach chun forbairt a dhéanamh ar na ceisteanna ar cuireadh ar
bhainisteoir Karma Galway, ionas go mbeadh an t-agallamh cruinn agus beacht. Thug an
modh taighde seo léargas ar an gcaidreamh atá idir gnó agus an pobal ar Facebook.
2. Agallamh:
Cuireadh agallamh ar Allan Kelly atá ag obair le Karma Galway. Ba agallamh le ceisteanna
oscailte a bhí ann. Réitíodh sraith ceisteanna a scríobhadh ó thorthaí an chéad modh taighde,
an bhreathnóireacht. Thug an t-agallamh seo eolas ó ghnó agus a dhearcadh ar fhógraíocht ar
Facebook. Ba í aidhm an agallaimh ná fáil amach an raibh cad a bhí le feiceáil ar Facebook
tríd an mbreathnóireacht ag tarlú sa chás-stáidear a piocadh. Bhíothas ag siúl go dtabharfadh
sé seo léiriú ar staitisticí na breathnóireachta. Rinneadh an t-agallamh le Allan Kelly mar gur
roghnaíodh Karma Galway mar chás-staidéar agus theastaigh ón taighdeoir cíoradh a
dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le bheith ag déanamh fógraíochta ar
Facebook.
16
3. Ceistneoir
Scaipeadh ceistneoir ar SurveyMonkey.com i measc Mhic Léinn Acadamh na
hOllscolaíochta Gaeilge idir mhná agus fhir san aoisghrúpa 18-34 bliain d’aois. Dhírigh an
ceistneoir ar eolas a bhailiú ón bpobail faoina ndearcadh ar fhógraíocht ar Facebook.
3.5 Modhanna Taighde
Baineadh úsáid as meascán de mhodhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla.
 Cainníochtúil: Breathnóireacht i bhfoirm graf agus staitisticí ón gceistneoir.
 Cáilíochtúil: Eolas ón agallamh.
3.5.1 Breathnóireacht
“…before you begin to consider observation as one of your data- collecting techniques, you
need first to decide what you wish to observe, what your main areas of interest are and why
you think observation will produce the information you need...” (Bell 2010, lth.184)
Baineadh úsáid as breathnóireacht struchtúrtha. Úsáideadh ceithre chritéir agus an taighdeoir
i mbun breathnóireachta;
 Cé mhéad ‘likes’ a fuair gach gnó ar a leathanach Facebook.
 Cé chomh minic is a bhíonn siad ag crochadh ábhair ar Facebook.
 Cén sórt post a fhoilsíonn siad; Fís, Pictiúir agus Post scríofa.
 Cé mhéad; ‘likes’, tráchtanna agus roinnt a fhaigheann le gach aon post.
Chuir mé toradh na breathnóireachta le chéile ar thábla agus ansin léirigh mé na torthaí sin i
bhfoirm léaráidí a thaispeánfar i gCaibidil 4. Úsáideadh an modh seo chun treocht a fháil ar
ghníomhach gnó atá san earnáil chéanna leis an phríomhchás-staidéar, Karma Galway, ar
Facebook. Ceapaim gur chuir an modh seo go mór le mo chuid taighde ag léiriú thar
seachtain cad a dhéanann na ceithre club oíche a roghnaíodh agus chun comparáid agus
codarsnacht a léiriú freisin. Is é an úsáid is mó a bhaintear as breathnóireacht ná:
“…observation can often reveal characteristics of groups or individuals that would have been
impossible to discover by other means.” (Bell 2010, lth.194)
Is féidir le gnó a mhaígh go bhfuil siad ag barr réime maidir le cúrsaí fógraíochta agus
Facebook ach go dtí go bhfuiltear in ann na torthaí a fheiceáil díreach os a chomhair, ní
thiocfar ar fhreagra cruinn. Tá míbhuntáiste a bhaineann le breathnóireacht mar mhodh
taighde freisin. Dar le Bell (2010):
“The structured approach can also be criticized as being subjective and biased.” (Bell 2010,
lth.188)
17
Thug an taighdeoir na buntáistí agus na míbhuntáistí a leanas faoi deara maidir leis an modh
taighde seo agus í i mbun breathnóireachta:
 Buntáistí:
o Chonacthas an chumarsáid idir an ghnó agus an phobal ar Facebook.
o Bhíothas in ann fothaí nuachta leathnaigh gnó a léiriú go soiléir tríd na léaráidí
a chruthú.
o Bhíothas in ann an treocht fógraíochta Facebook a fheiceáil agus bhíothas in
ann comparáid a dhéanamh eatarthu chun teacht ar chonclúid chruinn.
 Míbhuntáistí:
o Caitheadh seachtain iomlán ar an modh seo.
3.5.2 Agallamh
“The qualitative research interview seeks to describe and the meanings of central themes in the
life world of the subjects. The main task in interviewing is to understand the meaning of what
the interviewees say.” (Kvale 1996)
Baineadh úsáid as ceisteanna oscailte agus rinne an t-agallaí forbairt mhaith ar na ceisteanna
a cuireadh air. Socraíodh ar cheisteanna áirithe a chur air ach tugtar saoirse chainte dó freisin.
B’agallamh struchtúrtha a bhí ann.
“One major advantage of the interview is its adaptability. A skilful interviewer can follow up
ideas, probe responses and investigate motives and feelings, which the questionnaire can never
do.” (Bell 2010, lth.156)
Luann Bell (2010, lth.156) na buntáistí a bhaineann le hagallamh mar mhodh taighde:
Is modh an-phearsanta é i gcomparáid le modhanna eile.
Cuirtear duine atá ag obair san earnáil fógraíochta cúig bliana anuas, tá taithí aige agus eolas
tábhachtach ar an ábhar a bhí sé in ann roinnt liom.
Mar a mhínigh Bell (2010) maidir leis an mbuntáiste is mó a bhaineann le hagallamh mar
mhodh taighde agus an tábhacht a bhaineann le hagallóir maith maidir le cur chuige an
agallaimh.
Tagraíonn Bell (2010) de na míbhuntáistí a bhaineann leis an agallamh mar mhodh taighde.
Luaigh sí an méid ama a thógann sé trascríobh a dhéanamh ar na hagallaimh mar
mhíbhuntáiste mór. Luaigh Bell (2010) chomh maith an baol go mbeadh tionchar ag iompar
an duine ar an rannpháirtí:
“There is always the danger of bias creeping into interviews, largely because, as Selltiz et al.
(1962: 583) point out, ‘interviewers are human beings and not machines, and their manner
may have an effect on respondents.” (Bell 2010, lth.166)
18
3.5.3 Ceistneoir
Tugann (BusinessDictionary.com, 2016) sainmhíniú don léitheoir faoi céard is ceistneoir ann:
“List of a research or survey questions asked to respondents, and designed to extract specific
information. It serves four basic purposes: to (1) collect the appropriate data, (2) make data
comparable and amenable to analysis, (3) minimize bias in formulating and asking question,
and (4) to make questions engaging and varied.”
Is modh taighde é an ceistneoir atá éasca agus soiléir, go háirithe nuair atá sé ar líne. Bhí sé
éasca ceisteanna a chumadh agus forbairt a dhéanamh ar an gceistneoir ó na torthaí a bailíodh
ón agallamh agus ón breathnóireacht.
“You will only reach the stage of designing a questionnaire after you have done all the
preliminary work on planning, consulting and deciding exactly what you need to find out.”
(Bell 2010, lth. 136)
Baineadh úsáid as Surveymonkey.com chun an ceistneoir seo a scaipeadh i measc an
spriocghrúpa. Ba cheisteanna oscailte agus dúnta a úsáideadh sa gceistneoir.
“An excellently prepared questionnaire will lose much of its impact if it looks untidy.” (Bell
2010, lth.144)
Tá dearadh an cheistneora an-tábhachtach. Cuireadh é seo san áireamh agus an ceistneoir á
dhearadh. Roghnaíodh ceisteanna dúnta a úsáid le sonraí a bhailiú ó na rannpháirtithe le
léargas a fháil faoina ndearcadh maidir le fógraíocht ar Facebook. Cuireadh 10 gceist sa
gceistneoir agus rinneadh tástáil ar an gceistneoir seo sular seoladh ar aghaidh chuig na
rannpháirtithe é. Leasaíodh an ceistneoir de réir na moltaí a rinneadh. Piocadh meascán idir
ceisteanna dúnta agus ilroghnacha mar gur mó buntáiste don taighde ná ceisteanna oscailte.
“You want answers to all questions if at all possible, so try to avoid confusion and watch out
for assumptions.” (Bell 2010, lth.140)
Baineadh úsáid as teagmháil díreach leis an grúpa de 55 daoine ar scaipeadh an ceistneoir i
measc de. Labhraíodh leo sular scaipeadh an ceistneoir agus bhí teagmháil coinnithe leo trí
ríomhphost díreach. Labhraíonn Bell (2010) faoi na buntáistí a bhaineann le ceistneoir á
scaipeadh le teagmháil díreach leis na freagróirí:
There are distinct advantages in being able to give question- naires to respondents personally.
You can explain the purpose of the study, and in some cases questionnaires can be completed
on the spot. You are likely to get better cooperation if you can establish personal contact.”
(Bell 2010, lth.148)
Labhraíonn Bell (2010) freisin faoi na míbhuntáistí a bhaineann le ceistneoir a chur le chéile:
19
o Tá seans mhaith nach raibh daoine ionrach, cruinn nó soiléir nuair a raibh siad
ag líonadh amach an cheistneoir.
o Tá baol ann nach mbeidh daoine sásta freagraí tabhairt a chruthódh droch-
íomhá orthu féin.
.
20
Caibidil 4: Torthaí agus Anailís
4.1 Breathnóireacht
Is modh cainníochtúil é breathnóireacht agus baineadh úsáid as breathnóireacht struchtúrtha
sa phíosa taighde seo. Coinníodh cuntas ar ghníomhaíocht fógraíochta de cheithre leathanach
gnó idir an 5 Márta go 12 Márta 2016. Tá an ceithre leathanach gnó atá san earnáil chéanna
agus tá na clubanna oíche go léir lonnaithe gar dá chéile i gcathair na Gaillimhe. Déanfar
tagairt de Karma Galway mar phríomh chás-staidéar, agus úsáidfear na leathanaigh eile chun
comparáid agus codarsnacht a dhéanamh le Karma Galway. Bhíothas ag lorg gníomhacht
fógraíochta Facebook faoi leith ar an gceithre leathanach Facebook gnó. Mar shampla:
1. Cé chomh minic is a bhíonn siad ag foilsiú postanna.
2. Cén t-am a foilsíodh gach post.
3. Cé mhéad ‘likes’, tráchtanna agus roinnt a fhaigheann gach post a fhoilsítear.
4. Cén sórt post a foilsíodh gach lá (Fís, Post scríofa nó Pictiúir)
Léiríonn na léaráidí ar an chéad leathanach eile na gnéithe ó 1-4 atá luaite thuas a bhíothas ag
lorg thar an tseachtain breathnóireachta.
1. Karma, Galway.
Taispeánann an léaráid síos an ghníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche
Karma Galway le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain ghnóthach a bhí ann ag tús na
breathnóireachta ar an Satharn go dtí Dé Domhnaigh. Tháinig ardú ar a gcuid ‘likes’ go dtí
400. Chonacthas ardú beag ó Luan go dtí An Chéadaoin ach tháinig meath orthu de réir mar a
chuaigh an tseachtain ar aghaidh. Tugadh faoi deara go raibh ‘comórtas’ ann ag tús na
breathnóireachta. Bhí duais ar fáil, ní raibh orthu ach ‘like’ agus clibeáil a dhéanamh ar an
bpost ansin bhí seans ag an duine an duais a bhuachan. Léiríonn an léaráid go raibh an méid
is mó gníomhachta ar siúl idir an Satharn agus Domhnach, fad is a bhí an comórtas ar siúl. Ní
bhaineann Karma Galway mórán úsáide as an bhfeidhm ‘roinnt’ ar leathanach ach baineadh
úsáid as an fheidhm ‘likes’ go mór agus ‘trácht’. Ba é Dé Domhnaigh an lá ba ghníomhaí ag
Karma Galway de réir na tréimhse breathnóireachta seo.
21
Fig.1 Gníomhacht Karma Galway ar Facebook
2. Club Oíche Carbon, Gaillimh.
Taispéanann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche
Carbon le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain chiúin a bhí acu go dtí deireadh na
breathnóireachta- Déardaoin go dtí Dé Sathairn. Tugadh faoi deara go bhfuil réimse
uimhreacha i bhfad níos airde ná Karma Galway. Baineann Carbon úsáid mhór as an fheidhm
‘roinnt’- agus ardú ollmhór le feiceáil ar an Aoine 700+ ‘roinnt’, fad is a bhí comórtas ar siúl
acu. Le linn na seachtaine ní raibh mórán idirghníomhaíochta acu lena lucht leanúna, níos lú
ná 100 ‘likes’ agus gan ‘roinnt’ ar bith go dtí Déardaoin. Tugadh le fios nach bhfuil baint ar
bith acu le ‘nóta’. Ba í an Aoine an lá ba ghníomhaí ag Carbon.
Fig. 2 Gníomhacht Carbon ar Facebook
3. Electric Garden, Gaillimh.
Taispeánann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche
Electric Garden le linn sheachtain amháin. Léirítear leanúnachas maidir le ‘likes’ ó thus go
deireadh na seachtaine. Tháinig meath orthu ar an Domhnach agus ar an Déardaoin.
Chonacthas ardú de 80 ‘likes’ ó Luan, leanadh ar aghaidh go dtí an Chéadaoin agus tar éis an
0
100
200
300
400
500
"Likes"
Roinnt
Nóta
0
100
200
300
400
500
600
700
800
"Likes"
Roinnt
Nóta
22
dara meath ar an Aoine bhí ardú go 50 ‘likes’. Léiríonn an léaráid seo nach mbaineann
Electric úsáid as ‘likes’ thar aon fheidhm eile. Níor baineadh úsáid ar bith as an roinnt ach ar
an Luan agus ar an Máirt. Ní raibh trácht ar bith acu ach ar an Satharn agus ar an Luan.
Tugadh le fios freisin go bhfuil an réimse uimhreacha i bhfad níos lú ná leathanach Facebook,
Karma Galway. Ba é Dé Luain an lá ba ghníomhaí ag Electric Garden.
Fig 3: Gníomhacht Electric Garden ar Facebook
4. Club Oíche Halo, Gaillimh.
Taispeánann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche
Halo le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain í a léirigh leanúnachas mar a bhí le feiceáil i
léaráid 3. Ní bhaineann Halo úsáid as na feidhmeanna ‘roinnt’ nó ‘trácht’ cosúil le Karma
Galway, Electric Garden agus Carbon. Ar an iomlán is leathanach Facebook gnó é atá ciúin
go leor. Ba é Déardaoin an lá ba ghníomhaí ag Halo. Ar an iomlán, is é Halo an club oíche is
ciúine maidir le gníomhacht Facebook.
Fig 4: Gníomhacht Halo ar Facebook
0
10
20
30
40
50
60
70
80
90
"Likes"
Roinnt
Nóta
0
10
20
30
40
50
60
70
80
90
"Likes"
Roinnt
Nóta
23
4.2 Agallamh
Cuireadh bainisteoir an chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcroí lár chathair na
Gaillimhe faoi agallamh. Cuireadh Allan Kelly, bainisteoir an chlub, faoi agallamh ar an 2
Márta 2016. B’agallamh struchtúrtha é, leagadh ceisteanna amach roimh ré agus úsáideadh
ceisteanna oscailte ionas go mbeidh Kelly in ann cur leis an méid eolais a bailíodh sa chéad
modh taighde- An Bhreathnóireacht. Cumadh na ceisteanna a cuireadh air ó thorthaí an
mhodh breathnóireachta.
Déileálann Kelly le cúrsaí fógraíochta agus margaíochta go mór sa chlub. Tá sé anois ag
obair le Karma Galway le ceithre bliana. Tá an club ag dul ó neart go neart gach bliain.
Maíonn Kelly go bhfuil Karma Galway ar cheann de na clubanna is rathúla i nGaillimh.
“…currently rated 4.2 out of 5 stars,I think we are the highest rated nightclub in Galway.”
Tá neart taithí aige ag úsáid straitéisí fógraíochta difriúla; na meáin chlóite, na meáin chraolta
agus na meáin shóisialta san áireamh. Dúirt Kelly gur bunaíodh leathanach Facebook Karma
Galway blianta ó shin. Ó thóg Kelly bainistiú an leathanaigh ar lámh, tá d’aidhm aige díriú ar
na mic léinn mar chuid den fhógraíocht.
“Its (the nightclubs Facebook page) has been around a long time, I actually inherited the page
when I took over about four years ago and originally we had a marketing manager and from
talking to people who worked there at the time it was set up to basically promote the club with
it been focused on students.”
Iarradh ar Kelly faoin méid ama a chaitheann an gnó ag déanamh fógraíochta ar líne ach ag
díriú ar Facebook amháin ar mhaithe leis an agallamh agus an píosa taighde seo. Dúradh go
bhfuil triúr fostaithe ag Karma Galway faoi láthair, Kelly agus beirt eile. Os rud é go bhfuil
cathair na Gaillimhe plódaithe le mic léinn in OÉ Gaillimh agus GMIT, dúirt Kelly go
mbíonn ón Domhnach go Déardaoin le linn na bliain acadúla an-ghnóthach. Mar sin, díríonn
Kelly ar an tréimhse ama seo. Roinneadh an leath eile den tseachtain idir an bheirt eile atá
fostaithe agus tá laethanta áirithe eile ag gach aon duine.
“… between us all it works out about close to 40 hours per week.”
Cuireadh ceist ar Kelly agus é i mbun cainte faoi Facebook, an dtugann sé faoi deara go
bhfuil bealaí áirithe ann níos mó ‘likes’ a fháil ar phostanna. D’fhreagair sé go dearfach agus
go lánchinnte ina fhreagra go bhfuil bealaí áirithe ann chun aird lucht féachana Facebook a
tharraingt go dtí leathanach Facebook Karma. Cloíonn an fhoireann fógraíochta Karma
Galway le físeáin ghreannmhara agus pictiúir shuimiúla á chur suas. Crochtar pictiúir a
24
ghlacann an grianghrafadóir proifisiúnta a thagann isteach beagnach gach oíche suas ar an
leathanach agus séanadh post scríofa.
“I do see that there is a particular way to get likes; Video’s, Pictures and Quirky Stuff are the
best way- regular posts are dead in the water basically.”
Lean Kelly ar aghaidh ag labhairt níos deimhní faoi straitéisí fógraíochta ar na meáin
shóisialta. Dúradh gurbh iad comórtais an bealach is fearr atá acu mar ghnó ag déanamh
fógraíochta ar Facebook gach lá. Déanann Karma Galway comórtas gach seachtain agus
bíonn torthaí an chomórtais le feiceáil ar an leathanach.
“We are currently doing a competition with a vodka boat, we do one every Saturday and
generally speaking we get about 20,000 people attracted by it, anywhere from 80-200
comments and at least 100 likes or over. Obviously that is organic reach as well and then paid
reach, so it does reach a lot of people.”
Chomh maith le sin, caithfidh an chlub rud éigin le buachan, saor in aisce a chur suas. Iarrtar
ar Kelly an gceapann sé go n-oibríonn an straitéis seo:
“Yes that definitely does draw people into the page then just a regular post.”
Lean an t-agallamh ar aghaidh agus iarradh ar Kelly an gceapann sé gur fiú é an méid ama a
chaitear ar Facebook. Luaigh sé níos luaithe sa torthaí seo agus san agallamh go bhfuil triúr
san iomlán fostaithe ag an gclub agus go bhfuil timpeall 40 uair caite acu ag obair agus ag
déanamh fógraíochta ar Facebook. D’fhreagair Kelly go dearfach an cheist seo agus mhínigh
sé a thuairim ag déanamh tagartha den ghnó atá ar bun aige féin agus a chuid taithí gurb fiú
go mór é fógraíocht a dhéanamh ar Facebook.
“No it’s definitely worth it. I think businesses are going to see this in the next five-ten years as
well. I know that’s me looking ahead but that’s our plan, that’s what we are working on.”
Labhraíodh faoin mbuntáiste is mó dar le Kelly é féin, mar fhear ghnó atá ag baint úsáid
mhór as fógraíocht ar Facebook. Dúirt sé go bhfuil, mar ar léirigh na staitisticí a luaitear sa
léirmheas litríochta sa phíosa taighde seo, tá lucht féachana agus lucht leanúna ollmhór ag
Facebook. Is é ag tarraingt daoine isteach chun amharc a dhéanamh ar na seirbhísí agus na
táirge atá ag an gnó an buntáiste is mó atá ag leathanach Facebook.
“The best thing, and this is the way that we are going to be doing it, is to draw people to our
page to see our product. So fromthe moment that they go on to that page they see what we are
about. We value ourselves as a premium nightclub; our photos, our customers, our products
and our staff.”
25
Iarradh air faoi na míbhuntáistí a bhaineann le leathanach Facebook a bheith ag Karma
Galway. Mhínigh Kelly go bhfuil leathanach Facebook crochta ar an ngréasán domhanda.
Féadfaidh gach duine ar fud na cruinne an leathanach a fheiceáil. Is féidir le custaiméirí
léirmheas a scríobh agus a thabhairt as 5, mar a luaigh Kelly níos luaithe sa thorthaí tá Karma
Galway le 4.2 as 5. Ba shin an rud is measa dar le Kelly.
“It’s very important to businesses but then there’s the downside of it. Social Media is so big
and huge, every person has it from the age of ten and up- literally every person. So if
something bad is put up there that actually didn’t happen or some bad experience. That’s the
only thing we find negative about Facebook, the reviews and people coming onto the page and
thinking we are something different if they don’t get what we are trying to do.”
Dar ndóigh, is straitéis fógraíochta amháin é ag crochadh pictiúir agus post scríofa suas ar
leathanach Facebook. Cuireadh ceist ar Kelly faoi na straitéisí fógraíochta eile a bhaineann
siad úsáid as. Luaigh sé na meáin chlóite agus na meáin chraolta. Dúirt sé go bhfuil sé deacair
le rá cad é an modh fógraíochta is rathúla a bhaineann siad úsáid as ach go bhfuil an-
chaidreamh ach leis na meáin chlóite. Dúirt Allan go mbaintear úsáid go minic as fógraí i
bpáipéir nuachta ach go háirithe.
“…I think it has to be Newspapers with some sort of a voucher or something they can redeem
in the place because then you can actually see. For example, say that voucher goes to 32,000
people and 300 people come in with that over the course of the week well then you can
actually see that- ok- it’s out there.”
Lean an t-agallamh ar aghaidh ag labhairt faoi straitéisí fógraíochta eile a úsáideann
Karma Galway. Labhair Kelly faoin ghlúin an lae inniu. Mar a dúirt Kelly níos luaithe san
agallamh, tá meán sóisialta ag chuile duine ó 10 mbliana d’aois ar aghaidh, mar sin tá
tionchar ollmhór aige ar ghnó eile. Cuireadh ceist deireanach air faoi thionchar na meán
sóisialta ar na meáin chlóite agus na meáin chraolta. Iarradh air, an bhfeiceann sé meath in
aon mhodh fógraíochta de bharr an t-ardú atá tagtha ar chúrsaí fógraíochta ar Facebook le
cúig bliana.
“I do think that all businesses are going to become dependent on Social Media and Facebook.
That’s what Facebook was trying to achieve and it’s going to work! Every business not just
nightclubs or service industry but everything from shoe shops-they are going to need it, which
will eliminate some things. The only thing I can see a decline in is Newspaper as the
generation that we are grown up in now, or the generation five years behind me – they are not
going to read newspapers, not as much as the generation now. For me, newspapers - it won’t
die but it will definitely see a decrease.”
26
4.3 Ceistneoir
Scaipeadh ceistneoir ar SurveryMonkey.com ar an 16 Márta 2016. Scaipeadh i measc mhic
léinn an Acadaimh atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua é. Ba ráta freagartha de 75% a bhí ag an
gceistneoir. D’fhreagair 25 duine de na mic léinn é. Bhíothas ag lorg tuairimí na mac léinn a
bhíonn ag breathnú ar Facebook a fháil chun eolas cruinn a bhailiú. Cumadh na ceisteanna ón
méid a dúirt Allan Kelly ó Karma Galway.
2. (a)
Cuireadh ceist ar na rannpháirtithe maidir leis an méid ama a chaitheann siad ar Facebook
gach lá. Léirigh na torthaí sa léaráid thíos go gcaitear idir 2-3 uair an chloig (64%) gach lá ag
dul trí fhothaí nuachta Facebook. É sin ráite ní chaitear níos mó ná 3 uair an chloig air (8%)
nó níos lú ná uair an chloig (12%)
2. (b)
Cuireadh an cheist ar mhic léinn an Acadaimh faoi fhógraíocht ar Facebook 2.(b). Dúirt 58%
go gceapann said go bhfuil an iomarca fógraíochta ar Facebook fad is a dúirt 41% a mhalairt.
Taispeánann sé seo nach bhfuil mórán de dhifríocht idir a gcuid tuairimí faoi chúrsaí
fógraíochta ar Facebook.
27
2.(c)
Cuireadh an cheist ar na mic léinn An dtugann tú ‘Likes’ do gach rud ar Facebook? Tháinig
freagra soiléir ar ais, nuair a dúirt 100% nach dtugann siad ‘Likes’ do gach rud ar Facebook.
Léiríonn sé sin ón méid ama a chaitheann siad ar Facebook nach bhfuil siad ag tabhairt a
gcuid airde do chuile rud a thagann aníos ar a gcuid fothaí nuachta.
2.(d)
Ba í an aidhm an chéad cheist eile a bhí ar an gceistneoir ná a fháil amach cad a thugann mic
léinn an Acadaimh ‘Likes’ do. Léiríonn an léaráid thuas gur pictiúir a gcairde (80%) an rud is
mó a dtugann siad ‘Likes’ do. Leanadh ar aghaidh agus dúradh gur físeáin a gcairde (8%) an
dara rud ba mhó a tugadh ‘Likes’ dóibh. Is fiú tabhairt faoi deara nach bhfuil ach 4% ag rá go
dtugann siad ‘Likes’ d’fhógraí ó chomhlachtaí/tithe tábhairne/club oíche srl.
28
2.(e)
Dúirt 76% gurbh iad pictiúir an modh fógraíochta is mó is fearr leo agus iad ag tabhairt aird
ar fhógraí ó chomhlachtaí ar Facebook. D’aontaigh 24% gur fearr leo ábhar físe. Tháinig
freagra cruinn ar ais nuair a dúradh nach dtaitníonn ábhar scríofa (stádas) le 0%.
2.(f)
Bhí an cheist deireanach an-tábhachtach. Cuireadh in iúl go dtéann leath de na
rannpháirtithe go club oíche i nGaillimh de bharr na bhfógraí a fheiceann siad ar
Facebook.
29
4.4 Anailís ar an taighde
Déanfar anailís ar an taighde sa chaibidil seo.
Léirigh na modheolaíochtaí taighde a baineadh úsáid astu torthaí difriúla ach ag an am céanna
bhí nasc le feiceáil ann freisin.
 Tugadh faoi deara ón modh breathnóireachta go raibh ardú mór le feiceáil sa
ghníomhacht Facebook nuair a bhí comórtas ar siúl sé sin nuair a bhí rud éigin le
buachan má dhéantar ghníomhacht Facebook leis an leathanach Facebook ghnó.
Rinne an ráiteas ón agallamh an pointe seo a neartú. Dúirt Kelly go mbíonn comórtas
ar siúl ag Karma Galway beagnach gach seachtain. Luaigh Kelly faoin ‘Vodka Boat’
a bhíonn le buachan gach Satharn. Mhaígh sé go n-ardaíonn comórtas ar Facebook an
méid daoine a fheiceann an post.
Dúirt 100% de na daoine ar líon an ceistneoir nach dtugann siad ‘Likes’ do gach rud a
fheiceann siad ar Facebook. Cuireann sé seo in iúl don taighdeoir go bhfuil an trácht
Facebook a fheiceann an post, go bhfuil siad ag breathnú ar an leathanach go minic.
 Léirigh an bhreathnóireacht go mbíonn na clubanna oíche Karma Galway agus
Carbon ghnóthach ag an deireadh seachtaine ach léirigh Electric agus Halo go bhfuil
go bhfanann a ghníomhacht ar Facebook beagnach mar an gcéanna le linn na
seachtaine. Mar sin tá sé deacair a rá go bhfuil lá áirithe níos fearr chun fógraíochta a
dhéanamh ar Facebook.
 Léirigh an ceistneoir go dtugann 80% de na rannpháiritithe ‘Likes’ do ‘phictiúir mo
chairde’. Luaigh Kelly le linn an agallaimh freisin go mbíonn grianghrafadóir
proifisiúnta fostaithe acu le pictiúir deasa a thógáil beagnach gach seachtain. Bheadh
na daoine ar glacadh a bpictiúr ag cur clibeála orthu féin nó ar a gcuid cairde. Mar
thoradh air sin bheadh go leor airde ar fhothaí nuachta Facebook ag tarraingt lucht
féachana mór ar leathanach ghnó Facebook.
 Shoiléirigh an ceistneoir go gcaitheann 64% de dhaoine 2-3 uair ar Facebook gach
uair a théann siad air. Freisin dúirt 95% go dtéann siad ar Facebook gach aon lá. Sin
trácht mhargaidh an-mhór. Mar a dúirt Kelly le linn an agallaimh agus mar a léiríonn
30
an bhreathnóireacht, tá sé tábhachtach go gcoinníonn an gnó suas de réir is a mian leis
an lucht féachana.
 Cé go ndúirt Kelly go bhfuil meath le feiceáil le blianta ar teacht ar fhógraíocht sna
páipéir nuachta, dúradh gurbh iad fógraí an bealach is fearr le feiceáil go fisiciúil cé
mhéad daoine a chonaic an fógra. Cuireadh sé seo in iúl go bhfuil sé deacair a rá
maidir le fógraíocht ar Facebook an n-oibríonn sé. Dúirt 56% nach rachadh siad go dtí
ócáid a d’fheicidís fógartha ar Facebook, rud a chuireann leis an ráiteas ó Kelly.
31
Caibidil 5: Conclúid agus moltaí
5.1 Conclúid
Léiríonn an taighde seo:
 go bhfuil fás tagtha ar chúrsaí fógraíochta ar Facebook le blianta beag anuas.
 go bhfuil bealaí áirithe ann chun ‘Likes’ a fháil ar phostanna a chrochtar ar Facebook.
 nach bhfuil lá faoi leith sa tseachtain ann atá níos fearr i gcóir fógraíochta a
dhéanamh.
 go dtarraingíonn pictúirí, físeáin agus post ( i bhfoirm pictúir nó físeáin)
greannmhara, an aird is mo ó lucht féachana/leanúna Facebook.
 gurbh é comórtas ar Facebook an cineál poist is fearr fógraíocht a dhéanamh ar
Facebook.
 go gcaithtear go leor ama (os cionn go 40 uaireanta in aghaidh na seachtaine) ar
fhógraíocht ar Facebook.
 cé go bhfaigheann post ar Facebook go leor airde ar Facebook, ní chiallaíonn sé sin
go bhfuil an píosa fógraíochta seo rathúil.
 go bhfuil fógraíocht ar Facebook an-tábhactach do ghnó sa lá atá inniu ann.
 go ndéanfar forbairt arís is arís eile ar fógraíocht ar Facebook sa todhchaí.
5.2 Moltaí
Seo mo chuid moltaí bunaithe ar an taighde:
 Má tá ghnó agat atá in earnáil na seirbhíse, tá leathanach Facebook an-tábhachtach
sa lá atá inniu ann.
 Lucht leanúna dílis a chrúthú a bheadh ag teacht ar ais chuig an leathanch gnó
Facebook. Má chruthaítear áit ar Facebook agus ag cur ar fáil eolas suimiúil, mar
shampla, comórtais éagsúla, tiocfaidh an lucht leanúna ar ais arís agus arís eile.
 Pictiúir físe agus post greanmhara na bealaí a úsáid chun ‘Likes’ agus aird lucht
Facebook a mhealladh.
 Caithtear go leor ama ar Facebook gach lá. Is margadh ollmhór é. Roghnaigh an
spriocmhargadh a theastaíonn uait a mhealladh agus taighde cuí a dhéanamh ar
céard ba mhaith leo a fheiceáil. Ba cheart an fhógraíocht cheart a dhéanamh chun
an lucht féachana Facebook a thapú.
 Is post é féin é fógraíocht ar Facebook agus ba cheart go mbeadh oifigeach poiblí
ag gnó ag cur le fógraíocht ar Facebook.
32
 Nuair a thagann sé go dtí fógraíocht ar Facebook, tá sé deacair le rá a bhfuil an
torthaí le feiceáil. Mar sin bheadh sé níos fearr níos mó ná modh Facebook a
bheith ag gnó.
33
Tagairtí
Tagairtí
1. Advertising on Facebook. (2011). International Journal of E-Business Development (IJED),
1(1), pp.27, 28.
2. Bell, J. (2010). Doing your research project. Maidenhead: McGraw-Hill Open University
Press.
3. Boyd, d. and Ellison, N. (2007). Social Network Sites: Definition, History, and Scholarship.
Journal of Computer-Mediated Communication, 13(1), pp.210-230.
4. BrainyQuote, (2016). Mark Zuckerberg Quotes at BrainyQuote.com. [online] Available at:
http://www.brainyquote.com/quotes/quotes/m/markzucker453443.html [Accessed 12 Feb.
2016].
5. BusinessDictionary.com. (2016). What is questionnaire? definition and meaning. [online]
Available at: http://www.businessdictionary.com/definition/questionnaire.html [Accessed 25
Apr. 2016].
6. Haley, A. (2016). Why Using Social Media Is Essential for Today’s Business. [online]
http://www.brandingpersonality.com/. Available at:
http://www.brandingpersonality.com/why-using-social-media-is-essential-for-todays-
business/ [Accessed 25 Apr. 2016].
7. Hausman, A. (2012). 16 Differences Between Traditional Media and Social Networking.
[online] MKT Maven. Available at: https://www.hausmanmarketingletter.com/16-
differences-between-social-media-and-traditional-media/ [Accessed 14 Feb. 2016].
8. J. Silk, A. (2006). What is Marketing. Boston: Harvard Business School Press,p.vii.
9. Kirkpatrick, D. (2010). The Facebook effect. New York:Simon & Schuster.
10. Kvale, Steinar. Interviews An Introduction to Qualitative Research Interviewing, Sage
Publications, 1996
11. Lake, L. (2016). Marketing vs. Sales: What is the Difference?. [online] About.com Money.
Available at: http://marketing.about.com/cs/advertising/a/marketvsad.htm [Accessed 12 Feb.
2016].
12. Noyes, A. and Noyes,D. (2015). Top 20 Facebook Statistics - Updated December 2015.
[online] Zephoria Inc. Available at: https://zephoria.com/top-15-valuable-facebook-statistics/
[Accessed 11 Feb. 2016].
13. Statista. (2016). Global Facebook advertising revenue 2015 | Statistic. [online] Available at:
http://www.statista.com/statistics/271258/facebooks-advertising-revenue-worldwide/
[Accessed 9 Apr. 2016].
14. The Business of Social Media: How to Plunder the Treasure Trove. (2011). The Business of
Social Media: How to Plunder the Treasure Trove. Reference & User Services Quarterly,
51(2), 127–132. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/refuseserq.51.2.127
34
15. Todi, M. (2008). Advertising on Social Networking Websites. [online] Repository.upenn.edu.
Available at:
http://repository.upenn.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=1054&context=wharton_research_sch
olars [Accessed 9 Apr. 2016].
16. WhatIs.com, (2016). What is Facebook? - Definition from WhatIs.com. [online] Available at:
http://whatis.techtarget.com/definition/Facebook [Accessed 12 Feb. 2016].
35
Aguisín
CeisteannaAgallaimh
CeisteannaCeistneora
Tábla Breathnóireachta

More Related Content

Featured

Everything You Need To Know About ChatGPT
Everything You Need To Know About ChatGPTEverything You Need To Know About ChatGPT
Everything You Need To Know About ChatGPTExpeed Software
 
Product Design Trends in 2024 | Teenage Engineerings
Product Design Trends in 2024 | Teenage EngineeringsProduct Design Trends in 2024 | Teenage Engineerings
Product Design Trends in 2024 | Teenage EngineeringsPixeldarts
 
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental Health
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental HealthHow Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental Health
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental HealthThinkNow
 
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdf
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdfAI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdf
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdfmarketingartwork
 
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024Neil Kimberley
 
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)contently
 
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024How to Prepare For a Successful Job Search for 2024
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024Albert Qian
 
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie Insights
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie InsightsSocial Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie Insights
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie InsightsKurio // The Social Media Age(ncy)
 
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024Search Engine Journal
 
5 Public speaking tips from TED - Visualized summary
5 Public speaking tips from TED - Visualized summary5 Public speaking tips from TED - Visualized summary
5 Public speaking tips from TED - Visualized summarySpeakerHub
 
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd Clark Boyd
 
Getting into the tech field. what next
Getting into the tech field. what next Getting into the tech field. what next
Getting into the tech field. what next Tessa Mero
 
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search Intent
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search IntentGoogle's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search Intent
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search IntentLily Ray
 
Time Management & Productivity - Best Practices
Time Management & Productivity -  Best PracticesTime Management & Productivity -  Best Practices
Time Management & Productivity - Best PracticesVit Horky
 
The six step guide to practical project management
The six step guide to practical project managementThe six step guide to practical project management
The six step guide to practical project managementMindGenius
 
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...RachelPearson36
 
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...Applitools
 

Featured (20)

Everything You Need To Know About ChatGPT
Everything You Need To Know About ChatGPTEverything You Need To Know About ChatGPT
Everything You Need To Know About ChatGPT
 
Product Design Trends in 2024 | Teenage Engineerings
Product Design Trends in 2024 | Teenage EngineeringsProduct Design Trends in 2024 | Teenage Engineerings
Product Design Trends in 2024 | Teenage Engineerings
 
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental Health
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental HealthHow Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental Health
How Race, Age and Gender Shape Attitudes Towards Mental Health
 
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdf
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdfAI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdf
AI Trends in Creative Operations 2024 by Artwork Flow.pdf
 
Skeleton Culture Code
Skeleton Culture CodeSkeleton Culture Code
Skeleton Culture Code
 
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024
PEPSICO Presentation to CAGNY Conference Feb 2024
 
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)
Content Methodology: A Best Practices Report (Webinar)
 
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024How to Prepare For a Successful Job Search for 2024
How to Prepare For a Successful Job Search for 2024
 
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie Insights
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie InsightsSocial Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie Insights
Social Media Marketing Trends 2024 // The Global Indie Insights
 
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024
Trends In Paid Search: Navigating The Digital Landscape In 2024
 
5 Public speaking tips from TED - Visualized summary
5 Public speaking tips from TED - Visualized summary5 Public speaking tips from TED - Visualized summary
5 Public speaking tips from TED - Visualized summary
 
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd
ChatGPT and the Future of Work - Clark Boyd
 
Getting into the tech field. what next
Getting into the tech field. what next Getting into the tech field. what next
Getting into the tech field. what next
 
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search Intent
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search IntentGoogle's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search Intent
Google's Just Not That Into You: Understanding Core Updates & Search Intent
 
How to have difficult conversations
How to have difficult conversations How to have difficult conversations
How to have difficult conversations
 
Introduction to Data Science
Introduction to Data ScienceIntroduction to Data Science
Introduction to Data Science
 
Time Management & Productivity - Best Practices
Time Management & Productivity -  Best PracticesTime Management & Productivity -  Best Practices
Time Management & Productivity - Best Practices
 
The six step guide to practical project management
The six step guide to practical project managementThe six step guide to practical project management
The six step guide to practical project management
 
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...
Beginners Guide to TikTok for Search - Rachel Pearson - We are Tilt __ Bright...
 
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...
Unlocking the Power of ChatGPT and AI in Testing - A Real-World Look, present...
 

Miontráchtas Joyce Caibidil 123456 6 Bealtaine CEART

  • 1. Dúshláinagus Deiseanna a bhaineann le Fógraíocht ar Facebook ar Lucht Ghnó. Joyce Ní Chionnaith Dearbhaím gurb é mo shaothar féin ar fad atá sa Mhiontráchtas seo. 4BDC1 (BA Cumarsáid) /GA415, Bealtaine 2016 Stiúrthóir: Gearóidín Uí Loideáin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
  • 2. 1 Buíochas Gabhaim buíochas as an gcabhair a thug stiúrthóir an mhiontráchtais Gearóidín Uí Loideáin dom le linn na bliana acadúla seo. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo chlann, m’athair agus mo mháthair ach go háirithe as an méid tacaíochta a thug siad dom don cheithre bliana ollscoile- ní bheadh mé ann gan a gcuid cabhrach. Gabhaim buíochas le rannpháirtithe an taighde seo freisin- Allan Kelly ó Karma Galway agus mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
  • 3. 2 Achoimre Rinneadh taighde ar an cheist Dúshláin agus Deiseanna a bhaineann le Fógraíocht ar Facebook do lucht ghnó. Labhraíodh le Allan Kelly ó chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe faoina dtaithí le cúrsaí fógraíochta ar Facebook. Tugadh faoi deara go bhfuil forbairt mhór déanta ar rannóg na fógraíochta ar Facebook le cúpla bliain anuas agus go bhfuil gnó ag cur go leor ama isteach ina leathanach Facebook. Theastaigh ón taighdeoir an ghné seo de ghníomhacht ar Facebook a fhiosrú agus léargas a fháil ó thaobh an ghnó agus ón lucht úsáidte. Fuarthas amach go bhfuil go leor oibre i gceist le leathanach Facebook a choinneáil suas chun dáta agus chun lucht úsáidte Facebook a mhealladh isteach chuig do phróifíl. Léirigh an taighde chomh maith nach dtugann lucht úsáidte Facebook “like” do gach rud ar a leathanach. Léirigh an taighde chomh maith gur fearr le úsáideoirí Facebook pictiúir nó fís seachas ábhar scríofa.
  • 4. 3 Clár Buíochas................................................................................................................................ 1 Achoimre ............................................................................................................................... 2 Caibidil 1: Réamhrá................................................................................................................ 5 1.1 Tábhacht an Taighde ..................................................................................................5 1.2 Téamaí an Taighde .....................................................................................................5 1.3 Ceisteanna Taighde ....................................................................................................5 1.4 Sainmhínithe.............................................................................................................. 6 1.4.1 Na Meáin Shóisialta ............................................................................................ 6 1.4.2 Facebook............................................................................................................ 7 1.4.3 Margaíocht agus Fógraíocht................................................................................. 7 Caibidil 2: Léirmheas Litríochta........................................................................................ 9 2.1 Réamhrá.................................................................................................................... 9 2.2 Stair Facebook ...........................................................................................................9 2.3 An réabhlóid: An Fás ar Fhógraíocht ar Facebook ...................................................... 10 2.4 Dearcadh an Phobail i leith na fógraíochta ar Facebook .............................................. 12 2.5 Fógraíocht ar Facebook: Duine ar Duine .................................................................... 12 2.6 Conclúid.................................................................................................................. 13 Caibidil 3: Modheolaíochtaí Taighde ..................................................................................... 14 3.1 Réamhrá.................................................................................................................. 14 3.2 Rannpháirtithe an taighde ......................................................................................... 14 3.3 Teorainneacha Taighde ......................................................................................... 15 3.4 Cur chuige an taighde ............................................................................................... 15 3.5 Modhanna Taighde................................................................................................... 16 3.5.1 Breathnóireacht ................................................................................................ 16 3.5.2 Agallamh ......................................................................................................... 17 3.5.3 Ceistneoir......................................................................................................... 18 Caibidil 4: Torthaí agus Anailís ............................................................................................ 20 4.1 Breathnóireacht........................................................................................................... 20 4.2 Agallamh ............................................................................................................. 23 4.3 Ceistneoir ................................................................................................................... 26 4.4 Anailís ar an taighde ................................................................................................ 29 Caibidil 5: Conclúid agus moltaí............................................................................................ 31 6.1 Conclúid.................................................................................................................. 31 6.2 Moltaí...................................................................................................................... 31
  • 6. 5 Caibidil 1: Réamhrá Is í an aidhm atá ag an taighde seo ná staidéar a dhéanamh ar na deiseanna agus dúshláin a bhaineann le fógraíocht Facebook do lucht Gnó. Beifear ag déanamh cás-staidéar ar ghnó atá lonnaithe i nGaillimh. Scrúdófar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le Facebook a úsáid mar uirlis fhógraíochta don chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe. Déanfar imscrúdú freisin ar ghnéithe fógraíochta atá ar fáil ar Facebook agus léireofar na torthaí ag deireadh an pháipéir seo. 1.1 Tábhacht an Taighde Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gceist seo mar go bhfuil an saol gnó ag athrú i gcónaí. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go gcoinníonn gnóthaí suas chun dáta leis an méid atá ag tarlú timpeall orthu. Is léir go bhfuil tionchar ollmhór ag na meáin shóisialta ar chúrsaí fógraíochta sa cúpla bliain anuas. Mar a léireoidh mé le linn an taighde seo, is é Facebook pointe lárnach do chúrsaí margaíochta agus fógraoíchta agus ar ndóigh cúrsaí pearsanta sa lá atá inniu ann. 1.2 Téamaí an Taighde Déanfar staidéar ar: • Cúlra fógraíochta an ghnó ar Facebook. • Gnó agus Facebook: An cur chuige atá ag gnó ar Facebook. • Cás-Staidéar: Club Oíche Karma Galway, comparáid idir trí leathanach Facebook le comparáid staitistiúil a dhéanamh.  Dearcadh na mac léinn i leith na fógraíochta ar Facebook. • Dúshláin agus Deiseanna a bhaineann le Facebook i gcúrsaí fógraíochta. 1.3 Ceisteanna Taighde Is í an phríomhcheist taighde a bheifear á plé anseo ná na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le Facebook do lucht gnó. Déanfar an cheist seo a phlé bunaithe ar na ceisteanna taighde seo a leanas: • Cé na modhanna fógraíochta a úsáideann an comhlacht? • Cé mhéad “likes” a fhaigheann an comhlacht go laethúil? • Cén modh is éifeachtaí le fógraíocht a dhéanamh ar Facebook? • Cén buntáiste a bhaineann le leathanach Facebook a bheith acu? • Cé na dúshláin/ deiseanna a bhaineann le leathanach Facebook a bheith mar uirlis mhargaíochta do lucht gnó?
  • 7. 6 1.4 Sainmhínithe 1.4.1 Na Meáin Shóisialta Tugann Boyd and Ellison (2007) sainmhíniú éasca agus cruinn ar na meáin shóisialta; “We define social network sites as web-based services that allow individuals to (1) construct a public or semi-public profile within a bounded system, (2) articulate a list of other users with whom they share a connection, and (3) view and traverse their list of connections and those made by others within the system. The nature and nomenclature of these connections may vary from site to site.” Labhair Boyd and Ellison (2007, lth.210) faoi cá bhfaigheann na meáin shóisialta a n-ainm. Déanann na suíomhanna móra ar nós Facebook líonrú le daoine eile atá agat i do shaol sóisialta cheana féin, mar sin tá tú ag cur d’íomhá ar líne agus ag cruthú nasc le daoine eile. “Profiles are unique pages where one can “type oneself into being” (Sundén 2003, p. 3). After joining an SNS, an individual is asked to fill out forms containing a series of questions. The profile is generated using the answers to these questions, which typically include descriptors such as age, location, interests, and an “about me” section. Most sites also encourage users to upload a profile photo.” Leanann Boyd and Ellison (2007, lth.211) ar aghaidh ag míniú don léitheoir, nuair a shocraíonn duine próifíl a chur le chéile tosaíonn sé/sí ag dul i dteagmháil le daoine eile agus rangaítear iad faoin ainm “Cairde,” “Teagmhálaithe,” agus “lucht leanúna.” Dúirt Boyd and Ellison (2007, lth.211) le linn na tuairisce go bhfuil bealaí ann gur féidir leis an duine a bhfuil próifíl aige/aici na seirbhísí éagsúla agus úsáideach atá ar fáil cosúil le: “Friends, comments, and private messaging, SNSs vary greatly in their features and user base. Some have photo-sharing or video-sharing capabilities; others have built-in blogging and instant messaging technology” Tháinig feabhas agus forbairt ollmhór tagtha ar na meáin shóisialta le linn na mblianta. Léiríonn Noyes and Noyes (2015) sa tuairisc a rinne siad ar staitisticí Facebook: • “Worldwide, there are over 1.49 billion monthly active Facebook users (MAUs) which is a 13 percent increase year over year. • 4.5 billion likes generated daily as of May 2013 which is a 67 percent increase from August 2012 (Source: Facebook) • 968 million people log onto Facebook daily (DAU) for June 2015, which represents a 17% increase year over year.” (Noyes and Noyes, 2015) Léiríonn na staitisticí seo an fás ata tagtha ar Facebook ó cruthaíodh é sa bhliain 2004. Leathfaidh sé ó 100,000 leantóir in ollscoil Harvard go dtí 1.49 billiún leantóir laistigh de dhá bhliain déag.
  • 8. 7 1.4.2 Facebook Tá Facebook mar chuid na meáin shóisialta. Tá sé dírithe ar dhaoine a bhíonn ar líne go minic. Míníonn WhatIs.com (2016) dúinn: “Facebook is a popular free social networking website that allows registered users to create profiles, upload photos and video, send messages and keep in touch with friends, family and colleagues. The site, which is available in 37 different languages,includes public features such as: • Marketplace - allows members to post, read and respond to classified ads. • Groups - allows members who have common interests to find each other and interact. • Events - allows members to publicize an event, invite guests and track who plans to attend. • Pages - allows members to create and promote a public page built around a specific topic. • Presence technology - allows members to see which contacts are online and chat.” Ó thaobh an phíosa taighde agus cúrsaí margaíochta de is beag an seans nach mbeadh ghnó ar Facebook. Dar le Noyes and Noyes (2015): “42% of marketer’s report that Facebook is critical or important to their business” Tá sé an-mhealltach do ghnó mar gheall ar an réimse leathan daoine atá tú in ann a mhealladh chuig do leathanach agus an rud is mealltaí do lucht gnó ná go bhfuil sé saor in aisce. 1.4.3 Margaíocht agus Fógraíocht Sa mhiontráchtas seo beifear ag déanamh tagartha do mhargaíocht agus d’fhógraíocht. Míníonn Lake (2016) an difríocht idir margaíocht agus fógraíocht agus an chaoi go dtéann siad lámh ar lámh: “The best way to distinguish between advertising and marketing is to think of marketing as a pie, inside that pie you have slices of advertising, market research, media planning, public relations, product pricing, distribution, customer support, sales strategy, and community involvement. Advertising only equals one piece of the pie in the strategy.” Nuair a bhunaítear aon ghnó, tá fógraíocht de shaghas éigin i gceist leis má tá an gnó ag iarraidh a bheith rathúil. Sna blianta roimh na meáin shóisialta ní raibh ach cúpla seirbhís fógraíochta ann a mbeadh an fear/bhean g(h)nó in ann a úsáid chun an gnó a chur chun cinn. Ba iad na seirbhísí sin ná: páipéar nuachta/irisleabhar, an teilifís, an raidió agus an fógra clóite. Bhí costas an-ard ag baint leis na seirbhísí sin. Tugann Silk (2006, lth.vii) sainmhíniú dúinn ar chéard is fógraíocht ann agus an tábhacht a bhaineann léi: “...marketing refers to what a business should do to create and exchange value with customers. In this sense, marketing has a major role to play in setting a firm’s strategic direction.”
  • 9. 8 Maíonn Silk (2006, lth.3) go bhfuil margaíocht agus cúrsaí fógraíochta lárnach don tseirbhís nó don táirge a bheadh an gnó ag iarraidh a dhíol agus sásamh custaiméirí a bhaint amach leis. Deir Silk (2006) má dhíríonn gnó ar a spriocmhargadh agus má dhéanann siad forbairt bunaithe orthu, beidh torthaí níos láidre le feiceáil i rath an ghnó. “The central role of marketing in the Enterprise stems from the fact that marketing is the process via which a firm creates value for it’s chosen customers.” (Silk 2006, lth.3) Maidir leis an taighde seo de, beifear ag plé fógraíochta agus na treochtaí atá le feiceáil atá le fógraíocht ar Facebook.
  • 10. 9 Caibidil 2: Léirmheas Litríochta 2.1 Réamhrá Sa léirmheas litríochta seo, beifear ag plé Stair Facebook agus fás atá tagtha ar chúrsaí fógraíochta ar Facebook. Díreofar ar an ‘réabhlóid’ maidir le fógraíocht ar Facebook, an tionchar atá ag an suíomh sóisialta Facebook ar earnáil na fógraíochta. Luaifear ‘Fan Page’ agus an tionchar atá aige ar chúrsaí fógraíochta agus freisin labhrófar faoin riachtanas a bhíonn gnó an lae inniu, leathanach Facebook a bheith acu mar chuid dá bplean margaíochta. Labhrófar faoi dhearcadh an phobail i leith cúrsaí fógraíochta ar Facebook agus an stíl ‘duine ar duine’ ar chruthaigh Facebook le blianta beag anuas. 2.2 Stair Facebook Tá Facebook ar cheann de na príomhshuíomhanna a bhaineann leis na meáin shóisialta. Is é Mark Zuckerberg an duine a chruthaigh an suíomh. Bhunaigh Zuckerberg Facebook sa bhliain 2003. Ba mhac léinn Harvard é Zuckerberg agus é fós i mbun céime ag an am. An tús- smaoineamh a bhí aige ná suíomh sóisialta a chruthú laistigh de Harvard, as an smaoineamh sin tháinig “Course Match”. “The idea was to help students pick classes based on who else was taking them. You could click on a course to see who else signed up, or click on a person to see the courses he or she was taking.” (Kirkpatrick 2010, lth.19) Cúpla mí ina dhiaidh Course Match a chruthú, tháinig smaoineamh eile chun cinn, “Facesmash”. An aidhm a bhí i gceist leis an tionscnamh seo ná a fháil amach cé a bhí ní ba ghnéasaí. Dhírigh sé arís ar mhic léinn Harvard. “Using the kind of computer code otherwise used to rank chess players...he invited users to compare two different sexes of the same sex and say which one was hotter.” (Kirkpatrick 2010, lth.23) Lean Zuckerberg ar aghaidh ag códú agus thóg sé na heilimintí de Course Match, Facesmash chomh maith leis an ngrúpa eile a bhí Zuckerberg ina bhall de Friendster (suíomh sóisialta eile a bhí ag Mic Léinn Harvard amháin) agus chláraigh sé ar Register.com an suíomh Thefacebook.com. “On such services people linked their profiles to those of their friends, thereby identifying their own ‘social network.” (Kirkpatrick 2010, lth.27) Faoin mbliain 2008, thug Zuckerberg an dá eilimint is mó maidir le cumarsáid; An tIdirlíon agus saol sóisialta an duine le chéile. Tháinig forbairt ar Facebook bliain i ndiaidh bliana agus ar deireadh bhí sé oscailte don phobal ar fad. Dar leis an tuairisc a d’fhoilsigh Noyes and
  • 11. 10 Noyes (2015) go dtugann an tuairisc ar staitisticí Facebook léargas ar an bhfás agus an fhorbairt atá ag an gcomhlacht suas go dtí deireadh 2015:  “The Average American Spends 40 minutes on Facebook.  Age 25 to 34, at 29.7% of users, is the most common age demographic.  968 million people log onto Facebook daily (DAU) for June 2015, which represents a 17% increase year over year.  Facebook users are 76% female and 66% male.  There are 1.31 billion mobile active users (MAU)” Is léir go bhfuil fás ollmhór tagtha ar an gcomhlacht, mar a deir an liominsint ó Zuckerberg é féin dar le BrainyQuote.com (2016): “The real story of Facebook is just that we've worked so hard for all this time. I mean, the real story is actually probably pretty boring, right? I mean, we just sat at our computers for six years and coded.” 2.3 An réabhlóid: An Fás ar Fhógraíocht ar Facebook “In May 2006, the month that the company opened its doors to everyone, it had 14 million users; by the same time next year, the user base had nearly doubled to 26.6 million, a staggering growth rate of 89%.” (Todi 2008, lth.12) Léirigh Todi (2008) anseo an fás ollmhór a tháinig ar Facebook laistigh d’fhráma ama an- bheag. Mhéadaigh líon a n-úsáideoirí faoi dhó bliain i ndiaidh dóibh an comhlacht a bhunú. Chuir sé seo go mór leis an éileamh fógraíochta ar Facebook. Os rud é go raibh níos mó ná 20 milliún úsáideoir ar an suíomh, bhí margadh ollmhór ar fáil do lucht ghnó. Ó thús 2011 tháinig go leor athruithe ar an bhfód ó thaobh an ghnó de ar Facebook. Tharla sé sin an-tapa díreach mar a léiríonn an t-irisleabhar, Advertising on Facebook (2011) an chaoi ar tháinig athrú ar Facebook ó uirlis shóisialta go huirlis mhargaíochta agus fhógraíochta: “The Social Networking sites original intention was to connect people socially; sharing likes, dislikes and photos, however, companies are starting to create “Fan Pages” and taking similar approaches to connect with their audience.” (Advertising on Facebook 2011, lth.27) Labhraíonn an tuairisc atá déanta ag “The Business of Social Media, 2011”, faoin chaoi ar tháinig na stíleanna margaíochta ar Facebook agus ar líne i bhfeidhm de réir a chéile do ghnó agus iad ag déanamh fógraíochta: “The new generation of business marketers is able to exploit social media in ways that their elders could not fathom. Like early marketing on TV, businesses tried to use social media like their static website.” (The Business of Social Media 2011, lth.127) Cuireann an tuairisc ó The Buisness of Social Media (2011) in iúl dúinn an chaoi go bhfuil cúrsaí fógraíochta anois athraithe go huile is go hiomlán maidir le Facebook. Léiríonn an graf
  • 12. 11 agus an athfriotal síos (Statista 2016) an fhorbairt atá tagtha ar ioncam fógraíochta ar Facebook ón mbliain 2009 go dtí 2015. “The majority of Facebook’s revenue comes from advertising. From the first quarter 2010 Facebook has reported its global revenue on a quarterly basis, broken down by segment. In the first quarter of 2010, the company’s advertising revenue totaled 340 million U.S. dollars and payments and other fee revenues totaled 5 million dollars. In the third quarter of 2012, Facebook’s advertising revenue broke the 1 billion dollar mark and in the third quarter 2014 it reached 2.96 billion U.S. dollars.” (Statista 2016) Inniu tá 800,000,000 úsáideoir ag Facebook. Labhraíonn Alia Haley faoi cén fáth go bhfuil Facebook riachtanach mar uirlis mhargaíochta ghnó sa lá atá inniu ann. “...only a couple of popular social media sites have as much as 800 million users. Facebook alone has this many! So, you can imagine the extent to which you can reach customers in a quick and cost efficient manner through social media.” (Haley 2016) Leanann Haley (2016) ar aghaidh ag míniú conas a oibríonn cuntais Facebook ó thaobh gnó de ó tháinig an ‘fan page’ ar an bhfód sa bhliain 2011. “A social media site is just like a virtual mall and if you are present in that mall with your products and services then obviously you are making your presence felt amongst your potential buyers.” (Haley 2016) Míníonn Hayley (2016) an straitéis mhargaíochta agus cuntais Facebook. Insíonn an sleachta atá scríofa aici faoi na buntáistí a bhaineann le Facebook mar shampla; an comhrá oscailte, scéal ón mbéal margaíochta, nochtadh branda srl. “You can literally make your brand popular through social media sites. As more and more people get to know your brand, you get more and more opportunity to connect with people and establish your reputation amongst them.”
  • 13. 12 Mar a léiríonn an graf agus na hathfhriotail thuas, tagann an méid is mó d’ioncam Facebook ó chúrsaí fógraíochta. Tharla an ‘réabhlóid’ an-tapa agus tá athruithe ag tarlú ar an suíomh de réir is atáthar ag léamh an mhiontráchtais seo. 2.4 Dearcadh an Phobail i leithna fógraíochta ar Facebook Is é an sainmhíniú atá ar dhearcadh nó iompar an duine ná conas a mhothaíonn siad go dearfach nó go diúltach faoi dhuine, rud nó smaoineamh faoi leith. Leis na meáin shóisialta tá cumhacht ag comhlachtaí dearcadh an duine a athrú. “Even though social media has been recognized as the most potentially powerful medium in business practice, there is lack of understanding in terms of why people use social media and how they perceive social media marketing messages.”(Chung, 2010) Deir an Chiou (2008) atá luaite thíos, go bhfuil siad ag cur béime ar an tábhacht atá ag dearcadh an duine i leith táirge agus i leith an táirge atá siad ag cur ar fáil trí Facebook ar na meáin shóisialta. Déanann an staidéar atá déanta ag iProspect cur síos cruinn ar cad atá ar mheon an ghnó agus iad ag piocadh fógraíochta ar líne agus an fáth go bpiocann siad na suíomhanna sin. “The better the attitude a person has toward a brand, the more likely he or she is to use the product. Conversely, the less positive the attitude, the less likely he or she would be to use the product.”(Chiou et al., 2008). In Éirinn rinneadar taighde ar an meánam a chaitheann an duine Éireannach ar Facebook gach lá. “the average time spent on Facebook by just under 2.6 million Irish users is five hours and 40 minutes per week, or somewhere in the region of 49 minutes per day.” (Heneghan 2016) Mar sin, is léir go bhfuil dearcadh an phobail i leith Facebook láidir agus go bhfuil spás go cinnte do ghnó margaíocht a dhéanamh air go rathúil. “Even though social media has been recognized as the most potentially powerful medium in business practice, there is lack of understanding in terms of why people use social media and how they perceive social media marketing messages.” (Chung 2010) 2.5 Fógraíocht ar Facebook: Duine ar Duine Léirigh an píosa níos luaithe sa Léirmheas Litríochta seo faoin ‘réabhlóid Facebook’, ‘Fan Pages’ agus an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach cuntas Facebook a bheith ag gnó chun níos mó poiblíochta a dhéanamh orthu féin agus a dtáirge. Téann leathanach Facebook gnó nó ‘Fan Page’ agus straitéisí fógraíochta lámh ar lámh. Is straitéis fógraíochta í margaíocht ‘Duine ar Duine’. Luadh níos luaithe sa mhiontráchtas seo (Sainmhínithe, Margaíochta) faoi aidhm margaíochta agus fógraíochta. Má smaoinítear faoi, tá sé deacair le creidiúint go bhfuil
  • 14. 13 suas le 800,000,000 úsáideoir Facebook ann. Tugann ‘Fan Page’ an-seans do ghnó – beag nó mór- cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis an gcustaiméir. Is dócha go bhfuil an ghné seo den fhógraíocht ar Facebook ar an ghné a dhéanann idirdhealú ón seanstíl fógraíochta (clóite, raidió srl.) Ní raibh an chumarsáid dhíreach sin ar fáil roimh Facebook. Cuireann Haley (2016) go mór leis an tuairim faoin stíl fógraíochta ‘Duine ar Duine’. “Social media sites give your business an opportunity to connect with the customers on a one on one basis and get a feel of their needs and wants from their feedback. This is a very powerful tool when it comes to establishing your brand’s reputation amongst your customers.” (Haley 2016) Tá Facebook mar uirlis chumarsáide idir an ngnó, a seirbhís/táirge agus a chuid custaiméirí. Mar shampla má fhaigheann custaiméir teachtaireacht dhíreach ó ghnó, cuireann sé in iúl don chustaiméir go bhfuil an gnó bailí agus tugann sé aiseolas tábhachtach freisin don ghnó aiseolais tábhachtach- tá siad spléach ar a chéile. Labhraíonn an t-alt ‘Advertising on Facebook’ faoin cur síos a dhéantar fógraíocht ‘Duine ar duine’: “Promotion via Facebook is used by companies who have one on one contact with their consumer as well. When an individual chooses a hairdresser, a beautician, a marketing consultant, or a property manager for example, they are choosing a person not a company.” (Advertising on Facebook 2011, lth.28) Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ar ghnó sna laethanta seo, próifíl ‘shóisialta’ a chruthú ar an leathanach gnó. Léiríonn sé seo nach bhfuil an gnó ach amháin ag iarraidh airgead a thuilleadh ach go bhfuil siad ag iarraidh ardchaighdeán seirbhíse/táirge a chur ar fáil freisin. “In this context, it is required that marketers identify the sites in which the influence level is high. Also, they can develop methods to have a close relationship with users who visit these sites.” 2.6 Conclúid Mar iomlán ón méid atá pléite agam, is léir go bhfuil an fás atá ag teacht ar Facebook mar chuid de na meáin shóisialta agus an earnáil fógraíochta fite fuaite lena chéile agus go bhfuil ceann amháin ag brath ar an gceann eile sa lá atá inniu ann. Tagann na teideal uilig le chéile ionas go mbeadh an ghnó in ann an méid is mó buntáiste a bhaint uaidh.
  • 15. 14 Caibidil 3: ModheolaíochtaíTaighde 3.1 Réamhrá Sa chaibidil seo déanfar cur síos ar na modhanna taighde a úsáideadh chun an taighde seo a chur i gcríoch. Ba iad na modhanna taighde a úsáideadh ná:  Breathnóireacht a dhéanamh ar ghníomhacht Facebook do cheithre leathanach gnó atá ar Facebook. (an phríomhchás-stáidéar Karma Galway san áireamh)  Agallamh le Allan Kelly, Bainisteoir le Karma Galway atá ar Facebook. (Príomhchás- stáidéar)  Ceistneoir a scaipeadh i measc Mhic Léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Socraíodh na modhanna seo a úsáid mar gur socraíodh gurbh iad ba oiriúnaí agus ba éifeachtaí chun teacht ar thorthaí agus conclúid shoiléir don taighde seo. Baineadh úsáid as modhanna cáilíochtúla agus cainníochtúla. 3.2 Rannpháirtithe an taighde Cé hiad féin:  Karma Galway: Bunaíodh Karma sa bhliain 2005. Tá an club oíche suite i gcroílár na cathrach in aice na Faiche Móire. Tá clú agus cáil bainte amach acu tar éis bliainta san earnáil. Bíonn meascán idir ceoltóirí áitiúla agus ceoltóirí mór le rá mar chuid den siamsaíocht a bhíonn ar siúl sa chlub. Bíonn oícheanta téama ann freisin le daoine cáiliúla le feiceáil ann go minic. Is club é Karma Galway, le hatmáisféar sábháilte le foireann oibre den scoth ann. Is é Allan Kelly bainisteoir Karma Galway atá ag obair leis an gclub le cúig bliana.  Mic Léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua: Scaipeadh an ceistneoir i measc mhic léinn atá ar chúrsa BA sa Chumarsáid chomh maith le mic léinn atá i mbun an chúrsa Ríomhaireachta agus An Dioplóma sa Ghaeilge. Is ionad é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a chuireann cláir chéime agus iarchéime ar fáil do mhic léinn ar mian leo cáilíocht chéime/iarchéime a bhaint amach sna réimsí seo a leanas; Riarachán Gnó, Cumarsáid - Craoltóireacht Raidió agus Teilifíse, Léann an Aistriúcháin, Ateangaireacht, Pleanáil Teanga, Oideachas, Na hEalaíona agus Teicneolaíocht Faisnéise.
  • 16. 15 3.3 Teorainneacha Taighde Tuigtear don taighdeoir go bhfuil líon beag daoine i gceist leis an taighde seo. Socraíodh cas- staidéar a dhéanamh ar ghnó amháin sa mhéad is go dtabharfadh sé léargas ar fhógraíocht ar Facebook go ginearálta. Thabharfadh an cás-staidéar seo tuiscint ar an obair a bhaineann le cúrsaí fógraíochta ar Facebook agus an úsáid gur féidir le comhlacht a bhaint as. Tuigtear don taighdeoir go mbeadh gá le sampláil níos mó a dhéanamh le go mbeadh sé ionadaíoch ar thuairimí an phobail. 3.4 Cur chuige an taighde Ba í aidhm an taighde seo ná na dúshláin agus na deiseanna do lucht gnó a bhíonn ag fógraíocht ar Facebook go minic a léiriú. Léireofar é seo trí mhodhanna éifeachtúla don chineáil staidéar seo. Maidir leis na modhanna taighde atá agam tá siad spléach ar a chéile. Baineadh úsáid as: 1. Breathnóireacht: Tabharfar cuntas scríofa thar sheachtain amháin ar ghníomhacht Facebook do cheithre club oíche, mo chás-staidear Karma Galway san áireamh, ag féachaint ar na gnéithe seo a leanas;  Cé mhéad post a chrochann an gnó gach lá.  Cén sórt post é (pictiúir, fís, post scríofa srl.)  Cén mhéad ‘likes’, ‘shares’ agus ‘tráchtanna’ a fhaigheann gach post. Bhí an t-eolas seo riachtanach chun forbairt a dhéanamh ar na ceisteanna ar cuireadh ar bhainisteoir Karma Galway, ionas go mbeadh an t-agallamh cruinn agus beacht. Thug an modh taighde seo léargas ar an gcaidreamh atá idir gnó agus an pobal ar Facebook. 2. Agallamh: Cuireadh agallamh ar Allan Kelly atá ag obair le Karma Galway. Ba agallamh le ceisteanna oscailte a bhí ann. Réitíodh sraith ceisteanna a scríobhadh ó thorthaí an chéad modh taighde, an bhreathnóireacht. Thug an t-agallamh seo eolas ó ghnó agus a dhearcadh ar fhógraíocht ar Facebook. Ba í aidhm an agallaimh ná fáil amach an raibh cad a bhí le feiceáil ar Facebook tríd an mbreathnóireacht ag tarlú sa chás-stáidear a piocadh. Bhíothas ag siúl go dtabharfadh sé seo léiriú ar staitisticí na breathnóireachta. Rinneadh an t-agallamh le Allan Kelly mar gur roghnaíodh Karma Galway mar chás-staidéar agus theastaigh ón taighdeoir cíoradh a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le bheith ag déanamh fógraíochta ar Facebook.
  • 17. 16 3. Ceistneoir Scaipeadh ceistneoir ar SurveyMonkey.com i measc Mhic Léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge idir mhná agus fhir san aoisghrúpa 18-34 bliain d’aois. Dhírigh an ceistneoir ar eolas a bhailiú ón bpobail faoina ndearcadh ar fhógraíocht ar Facebook. 3.5 Modhanna Taighde Baineadh úsáid as meascán de mhodhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla.  Cainníochtúil: Breathnóireacht i bhfoirm graf agus staitisticí ón gceistneoir.  Cáilíochtúil: Eolas ón agallamh. 3.5.1 Breathnóireacht “…before you begin to consider observation as one of your data- collecting techniques, you need first to decide what you wish to observe, what your main areas of interest are and why you think observation will produce the information you need...” (Bell 2010, lth.184) Baineadh úsáid as breathnóireacht struchtúrtha. Úsáideadh ceithre chritéir agus an taighdeoir i mbun breathnóireachta;  Cé mhéad ‘likes’ a fuair gach gnó ar a leathanach Facebook.  Cé chomh minic is a bhíonn siad ag crochadh ábhair ar Facebook.  Cén sórt post a fhoilsíonn siad; Fís, Pictiúir agus Post scríofa.  Cé mhéad; ‘likes’, tráchtanna agus roinnt a fhaigheann le gach aon post. Chuir mé toradh na breathnóireachta le chéile ar thábla agus ansin léirigh mé na torthaí sin i bhfoirm léaráidí a thaispeánfar i gCaibidil 4. Úsáideadh an modh seo chun treocht a fháil ar ghníomhach gnó atá san earnáil chéanna leis an phríomhchás-staidéar, Karma Galway, ar Facebook. Ceapaim gur chuir an modh seo go mór le mo chuid taighde ag léiriú thar seachtain cad a dhéanann na ceithre club oíche a roghnaíodh agus chun comparáid agus codarsnacht a léiriú freisin. Is é an úsáid is mó a bhaintear as breathnóireacht ná: “…observation can often reveal characteristics of groups or individuals that would have been impossible to discover by other means.” (Bell 2010, lth.194) Is féidir le gnó a mhaígh go bhfuil siad ag barr réime maidir le cúrsaí fógraíochta agus Facebook ach go dtí go bhfuiltear in ann na torthaí a fheiceáil díreach os a chomhair, ní thiocfar ar fhreagra cruinn. Tá míbhuntáiste a bhaineann le breathnóireacht mar mhodh taighde freisin. Dar le Bell (2010): “The structured approach can also be criticized as being subjective and biased.” (Bell 2010, lth.188)
  • 18. 17 Thug an taighdeoir na buntáistí agus na míbhuntáistí a leanas faoi deara maidir leis an modh taighde seo agus í i mbun breathnóireachta:  Buntáistí: o Chonacthas an chumarsáid idir an ghnó agus an phobal ar Facebook. o Bhíothas in ann fothaí nuachta leathnaigh gnó a léiriú go soiléir tríd na léaráidí a chruthú. o Bhíothas in ann an treocht fógraíochta Facebook a fheiceáil agus bhíothas in ann comparáid a dhéanamh eatarthu chun teacht ar chonclúid chruinn.  Míbhuntáistí: o Caitheadh seachtain iomlán ar an modh seo. 3.5.2 Agallamh “The qualitative research interview seeks to describe and the meanings of central themes in the life world of the subjects. The main task in interviewing is to understand the meaning of what the interviewees say.” (Kvale 1996) Baineadh úsáid as ceisteanna oscailte agus rinne an t-agallaí forbairt mhaith ar na ceisteanna a cuireadh air. Socraíodh ar cheisteanna áirithe a chur air ach tugtar saoirse chainte dó freisin. B’agallamh struchtúrtha a bhí ann. “One major advantage of the interview is its adaptability. A skilful interviewer can follow up ideas, probe responses and investigate motives and feelings, which the questionnaire can never do.” (Bell 2010, lth.156) Luann Bell (2010, lth.156) na buntáistí a bhaineann le hagallamh mar mhodh taighde: Is modh an-phearsanta é i gcomparáid le modhanna eile. Cuirtear duine atá ag obair san earnáil fógraíochta cúig bliana anuas, tá taithí aige agus eolas tábhachtach ar an ábhar a bhí sé in ann roinnt liom. Mar a mhínigh Bell (2010) maidir leis an mbuntáiste is mó a bhaineann le hagallamh mar mhodh taighde agus an tábhacht a bhaineann le hagallóir maith maidir le cur chuige an agallaimh. Tagraíonn Bell (2010) de na míbhuntáistí a bhaineann leis an agallamh mar mhodh taighde. Luaigh sí an méid ama a thógann sé trascríobh a dhéanamh ar na hagallaimh mar mhíbhuntáiste mór. Luaigh Bell (2010) chomh maith an baol go mbeadh tionchar ag iompar an duine ar an rannpháirtí: “There is always the danger of bias creeping into interviews, largely because, as Selltiz et al. (1962: 583) point out, ‘interviewers are human beings and not machines, and their manner may have an effect on respondents.” (Bell 2010, lth.166)
  • 19. 18 3.5.3 Ceistneoir Tugann (BusinessDictionary.com, 2016) sainmhíniú don léitheoir faoi céard is ceistneoir ann: “List of a research or survey questions asked to respondents, and designed to extract specific information. It serves four basic purposes: to (1) collect the appropriate data, (2) make data comparable and amenable to analysis, (3) minimize bias in formulating and asking question, and (4) to make questions engaging and varied.” Is modh taighde é an ceistneoir atá éasca agus soiléir, go háirithe nuair atá sé ar líne. Bhí sé éasca ceisteanna a chumadh agus forbairt a dhéanamh ar an gceistneoir ó na torthaí a bailíodh ón agallamh agus ón breathnóireacht. “You will only reach the stage of designing a questionnaire after you have done all the preliminary work on planning, consulting and deciding exactly what you need to find out.” (Bell 2010, lth. 136) Baineadh úsáid as Surveymonkey.com chun an ceistneoir seo a scaipeadh i measc an spriocghrúpa. Ba cheisteanna oscailte agus dúnta a úsáideadh sa gceistneoir. “An excellently prepared questionnaire will lose much of its impact if it looks untidy.” (Bell 2010, lth.144) Tá dearadh an cheistneora an-tábhachtach. Cuireadh é seo san áireamh agus an ceistneoir á dhearadh. Roghnaíodh ceisteanna dúnta a úsáid le sonraí a bhailiú ó na rannpháirtithe le léargas a fháil faoina ndearcadh maidir le fógraíocht ar Facebook. Cuireadh 10 gceist sa gceistneoir agus rinneadh tástáil ar an gceistneoir seo sular seoladh ar aghaidh chuig na rannpháirtithe é. Leasaíodh an ceistneoir de réir na moltaí a rinneadh. Piocadh meascán idir ceisteanna dúnta agus ilroghnacha mar gur mó buntáiste don taighde ná ceisteanna oscailte. “You want answers to all questions if at all possible, so try to avoid confusion and watch out for assumptions.” (Bell 2010, lth.140) Baineadh úsáid as teagmháil díreach leis an grúpa de 55 daoine ar scaipeadh an ceistneoir i measc de. Labhraíodh leo sular scaipeadh an ceistneoir agus bhí teagmháil coinnithe leo trí ríomhphost díreach. Labhraíonn Bell (2010) faoi na buntáistí a bhaineann le ceistneoir á scaipeadh le teagmháil díreach leis na freagróirí: There are distinct advantages in being able to give question- naires to respondents personally. You can explain the purpose of the study, and in some cases questionnaires can be completed on the spot. You are likely to get better cooperation if you can establish personal contact.” (Bell 2010, lth.148) Labhraíonn Bell (2010) freisin faoi na míbhuntáistí a bhaineann le ceistneoir a chur le chéile:
  • 20. 19 o Tá seans mhaith nach raibh daoine ionrach, cruinn nó soiléir nuair a raibh siad ag líonadh amach an cheistneoir. o Tá baol ann nach mbeidh daoine sásta freagraí tabhairt a chruthódh droch- íomhá orthu féin. .
  • 21. 20 Caibidil 4: Torthaí agus Anailís 4.1 Breathnóireacht Is modh cainníochtúil é breathnóireacht agus baineadh úsáid as breathnóireacht struchtúrtha sa phíosa taighde seo. Coinníodh cuntas ar ghníomhaíocht fógraíochta de cheithre leathanach gnó idir an 5 Márta go 12 Márta 2016. Tá an ceithre leathanach gnó atá san earnáil chéanna agus tá na clubanna oíche go léir lonnaithe gar dá chéile i gcathair na Gaillimhe. Déanfar tagairt de Karma Galway mar phríomh chás-staidéar, agus úsáidfear na leathanaigh eile chun comparáid agus codarsnacht a dhéanamh le Karma Galway. Bhíothas ag lorg gníomhacht fógraíochta Facebook faoi leith ar an gceithre leathanach Facebook gnó. Mar shampla: 1. Cé chomh minic is a bhíonn siad ag foilsiú postanna. 2. Cén t-am a foilsíodh gach post. 3. Cé mhéad ‘likes’, tráchtanna agus roinnt a fhaigheann gach post a fhoilsítear. 4. Cén sórt post a foilsíodh gach lá (Fís, Post scríofa nó Pictiúir) Léiríonn na léaráidí ar an chéad leathanach eile na gnéithe ó 1-4 atá luaite thuas a bhíothas ag lorg thar an tseachtain breathnóireachta. 1. Karma, Galway. Taispeánann an léaráid síos an ghníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche Karma Galway le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain ghnóthach a bhí ann ag tús na breathnóireachta ar an Satharn go dtí Dé Domhnaigh. Tháinig ardú ar a gcuid ‘likes’ go dtí 400. Chonacthas ardú beag ó Luan go dtí An Chéadaoin ach tháinig meath orthu de réir mar a chuaigh an tseachtain ar aghaidh. Tugadh faoi deara go raibh ‘comórtas’ ann ag tús na breathnóireachta. Bhí duais ar fáil, ní raibh orthu ach ‘like’ agus clibeáil a dhéanamh ar an bpost ansin bhí seans ag an duine an duais a bhuachan. Léiríonn an léaráid go raibh an méid is mó gníomhachta ar siúl idir an Satharn agus Domhnach, fad is a bhí an comórtas ar siúl. Ní bhaineann Karma Galway mórán úsáide as an bhfeidhm ‘roinnt’ ar leathanach ach baineadh úsáid as an fheidhm ‘likes’ go mór agus ‘trácht’. Ba é Dé Domhnaigh an lá ba ghníomhaí ag Karma Galway de réir na tréimhse breathnóireachta seo.
  • 22. 21 Fig.1 Gníomhacht Karma Galway ar Facebook 2. Club Oíche Carbon, Gaillimh. Taispéanann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche Carbon le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain chiúin a bhí acu go dtí deireadh na breathnóireachta- Déardaoin go dtí Dé Sathairn. Tugadh faoi deara go bhfuil réimse uimhreacha i bhfad níos airde ná Karma Galway. Baineann Carbon úsáid mhór as an fheidhm ‘roinnt’- agus ardú ollmhór le feiceáil ar an Aoine 700+ ‘roinnt’, fad is a bhí comórtas ar siúl acu. Le linn na seachtaine ní raibh mórán idirghníomhaíochta acu lena lucht leanúna, níos lú ná 100 ‘likes’ agus gan ‘roinnt’ ar bith go dtí Déardaoin. Tugadh le fios nach bhfuil baint ar bith acu le ‘nóta’. Ba í an Aoine an lá ba ghníomhaí ag Carbon. Fig. 2 Gníomhacht Carbon ar Facebook 3. Electric Garden, Gaillimh. Taispeánann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche Electric Garden le linn sheachtain amháin. Léirítear leanúnachas maidir le ‘likes’ ó thus go deireadh na seachtaine. Tháinig meath orthu ar an Domhnach agus ar an Déardaoin. Chonacthas ardú de 80 ‘likes’ ó Luan, leanadh ar aghaidh go dtí an Chéadaoin agus tar éis an 0 100 200 300 400 500 "Likes" Roinnt Nóta 0 100 200 300 400 500 600 700 800 "Likes" Roinnt Nóta
  • 23. 22 dara meath ar an Aoine bhí ardú go 50 ‘likes’. Léiríonn an léaráid seo nach mbaineann Electric úsáid as ‘likes’ thar aon fheidhm eile. Níor baineadh úsáid ar bith as an roinnt ach ar an Luan agus ar an Máirt. Ní raibh trácht ar bith acu ach ar an Satharn agus ar an Luan. Tugadh le fios freisin go bhfuil an réimse uimhreacha i bhfad níos lú ná leathanach Facebook, Karma Galway. Ba é Dé Luain an lá ba ghníomhaí ag Electric Garden. Fig 3: Gníomhacht Electric Garden ar Facebook 4. Club Oíche Halo, Gaillimh. Taispeánann an léaráid thíos gníomhacht fógraíochta Facebook a dhéanann an club oíche Halo le linn sheachtain amháin. Ba sheachtain í a léirigh leanúnachas mar a bhí le feiceáil i léaráid 3. Ní bhaineann Halo úsáid as na feidhmeanna ‘roinnt’ nó ‘trácht’ cosúil le Karma Galway, Electric Garden agus Carbon. Ar an iomlán is leathanach Facebook gnó é atá ciúin go leor. Ba é Déardaoin an lá ba ghníomhaí ag Halo. Ar an iomlán, is é Halo an club oíche is ciúine maidir le gníomhacht Facebook. Fig 4: Gníomhacht Halo ar Facebook 0 10 20 30 40 50 60 70 80 90 "Likes" Roinnt Nóta 0 10 20 30 40 50 60 70 80 90 "Likes" Roinnt Nóta
  • 24. 23 4.2 Agallamh Cuireadh bainisteoir an chlub oíche Karma Galway atá lonnaithe i gcroí lár chathair na Gaillimhe faoi agallamh. Cuireadh Allan Kelly, bainisteoir an chlub, faoi agallamh ar an 2 Márta 2016. B’agallamh struchtúrtha é, leagadh ceisteanna amach roimh ré agus úsáideadh ceisteanna oscailte ionas go mbeidh Kelly in ann cur leis an méid eolais a bailíodh sa chéad modh taighde- An Bhreathnóireacht. Cumadh na ceisteanna a cuireadh air ó thorthaí an mhodh breathnóireachta. Déileálann Kelly le cúrsaí fógraíochta agus margaíochta go mór sa chlub. Tá sé anois ag obair le Karma Galway le ceithre bliana. Tá an club ag dul ó neart go neart gach bliain. Maíonn Kelly go bhfuil Karma Galway ar cheann de na clubanna is rathúla i nGaillimh. “…currently rated 4.2 out of 5 stars,I think we are the highest rated nightclub in Galway.” Tá neart taithí aige ag úsáid straitéisí fógraíochta difriúla; na meáin chlóite, na meáin chraolta agus na meáin shóisialta san áireamh. Dúirt Kelly gur bunaíodh leathanach Facebook Karma Galway blianta ó shin. Ó thóg Kelly bainistiú an leathanaigh ar lámh, tá d’aidhm aige díriú ar na mic léinn mar chuid den fhógraíocht. “Its (the nightclubs Facebook page) has been around a long time, I actually inherited the page when I took over about four years ago and originally we had a marketing manager and from talking to people who worked there at the time it was set up to basically promote the club with it been focused on students.” Iarradh ar Kelly faoin méid ama a chaitheann an gnó ag déanamh fógraíochta ar líne ach ag díriú ar Facebook amháin ar mhaithe leis an agallamh agus an píosa taighde seo. Dúradh go bhfuil triúr fostaithe ag Karma Galway faoi láthair, Kelly agus beirt eile. Os rud é go bhfuil cathair na Gaillimhe plódaithe le mic léinn in OÉ Gaillimh agus GMIT, dúirt Kelly go mbíonn ón Domhnach go Déardaoin le linn na bliain acadúla an-ghnóthach. Mar sin, díríonn Kelly ar an tréimhse ama seo. Roinneadh an leath eile den tseachtain idir an bheirt eile atá fostaithe agus tá laethanta áirithe eile ag gach aon duine. “… between us all it works out about close to 40 hours per week.” Cuireadh ceist ar Kelly agus é i mbun cainte faoi Facebook, an dtugann sé faoi deara go bhfuil bealaí áirithe ann níos mó ‘likes’ a fháil ar phostanna. D’fhreagair sé go dearfach agus go lánchinnte ina fhreagra go bhfuil bealaí áirithe ann chun aird lucht féachana Facebook a tharraingt go dtí leathanach Facebook Karma. Cloíonn an fhoireann fógraíochta Karma Galway le físeáin ghreannmhara agus pictiúir shuimiúla á chur suas. Crochtar pictiúir a
  • 25. 24 ghlacann an grianghrafadóir proifisiúnta a thagann isteach beagnach gach oíche suas ar an leathanach agus séanadh post scríofa. “I do see that there is a particular way to get likes; Video’s, Pictures and Quirky Stuff are the best way- regular posts are dead in the water basically.” Lean Kelly ar aghaidh ag labhairt níos deimhní faoi straitéisí fógraíochta ar na meáin shóisialta. Dúradh gurbh iad comórtais an bealach is fearr atá acu mar ghnó ag déanamh fógraíochta ar Facebook gach lá. Déanann Karma Galway comórtas gach seachtain agus bíonn torthaí an chomórtais le feiceáil ar an leathanach. “We are currently doing a competition with a vodka boat, we do one every Saturday and generally speaking we get about 20,000 people attracted by it, anywhere from 80-200 comments and at least 100 likes or over. Obviously that is organic reach as well and then paid reach, so it does reach a lot of people.” Chomh maith le sin, caithfidh an chlub rud éigin le buachan, saor in aisce a chur suas. Iarrtar ar Kelly an gceapann sé go n-oibríonn an straitéis seo: “Yes that definitely does draw people into the page then just a regular post.” Lean an t-agallamh ar aghaidh agus iarradh ar Kelly an gceapann sé gur fiú é an méid ama a chaitear ar Facebook. Luaigh sé níos luaithe sa torthaí seo agus san agallamh go bhfuil triúr san iomlán fostaithe ag an gclub agus go bhfuil timpeall 40 uair caite acu ag obair agus ag déanamh fógraíochta ar Facebook. D’fhreagair Kelly go dearfach an cheist seo agus mhínigh sé a thuairim ag déanamh tagartha den ghnó atá ar bun aige féin agus a chuid taithí gurb fiú go mór é fógraíocht a dhéanamh ar Facebook. “No it’s definitely worth it. I think businesses are going to see this in the next five-ten years as well. I know that’s me looking ahead but that’s our plan, that’s what we are working on.” Labhraíodh faoin mbuntáiste is mó dar le Kelly é féin, mar fhear ghnó atá ag baint úsáid mhór as fógraíocht ar Facebook. Dúirt sé go bhfuil, mar ar léirigh na staitisticí a luaitear sa léirmheas litríochta sa phíosa taighde seo, tá lucht féachana agus lucht leanúna ollmhór ag Facebook. Is é ag tarraingt daoine isteach chun amharc a dhéanamh ar na seirbhísí agus na táirge atá ag an gnó an buntáiste is mó atá ag leathanach Facebook. “The best thing, and this is the way that we are going to be doing it, is to draw people to our page to see our product. So fromthe moment that they go on to that page they see what we are about. We value ourselves as a premium nightclub; our photos, our customers, our products and our staff.”
  • 26. 25 Iarradh air faoi na míbhuntáistí a bhaineann le leathanach Facebook a bheith ag Karma Galway. Mhínigh Kelly go bhfuil leathanach Facebook crochta ar an ngréasán domhanda. Féadfaidh gach duine ar fud na cruinne an leathanach a fheiceáil. Is féidir le custaiméirí léirmheas a scríobh agus a thabhairt as 5, mar a luaigh Kelly níos luaithe sa thorthaí tá Karma Galway le 4.2 as 5. Ba shin an rud is measa dar le Kelly. “It’s very important to businesses but then there’s the downside of it. Social Media is so big and huge, every person has it from the age of ten and up- literally every person. So if something bad is put up there that actually didn’t happen or some bad experience. That’s the only thing we find negative about Facebook, the reviews and people coming onto the page and thinking we are something different if they don’t get what we are trying to do.” Dar ndóigh, is straitéis fógraíochta amháin é ag crochadh pictiúir agus post scríofa suas ar leathanach Facebook. Cuireadh ceist ar Kelly faoi na straitéisí fógraíochta eile a bhaineann siad úsáid as. Luaigh sé na meáin chlóite agus na meáin chraolta. Dúirt sé go bhfuil sé deacair le rá cad é an modh fógraíochta is rathúla a bhaineann siad úsáid as ach go bhfuil an- chaidreamh ach leis na meáin chlóite. Dúirt Allan go mbaintear úsáid go minic as fógraí i bpáipéir nuachta ach go háirithe. “…I think it has to be Newspapers with some sort of a voucher or something they can redeem in the place because then you can actually see. For example, say that voucher goes to 32,000 people and 300 people come in with that over the course of the week well then you can actually see that- ok- it’s out there.” Lean an t-agallamh ar aghaidh ag labhairt faoi straitéisí fógraíochta eile a úsáideann Karma Galway. Labhair Kelly faoin ghlúin an lae inniu. Mar a dúirt Kelly níos luaithe san agallamh, tá meán sóisialta ag chuile duine ó 10 mbliana d’aois ar aghaidh, mar sin tá tionchar ollmhór aige ar ghnó eile. Cuireadh ceist deireanach air faoi thionchar na meán sóisialta ar na meáin chlóite agus na meáin chraolta. Iarradh air, an bhfeiceann sé meath in aon mhodh fógraíochta de bharr an t-ardú atá tagtha ar chúrsaí fógraíochta ar Facebook le cúig bliana. “I do think that all businesses are going to become dependent on Social Media and Facebook. That’s what Facebook was trying to achieve and it’s going to work! Every business not just nightclubs or service industry but everything from shoe shops-they are going to need it, which will eliminate some things. The only thing I can see a decline in is Newspaper as the generation that we are grown up in now, or the generation five years behind me – they are not going to read newspapers, not as much as the generation now. For me, newspapers - it won’t die but it will definitely see a decrease.”
  • 27. 26 4.3 Ceistneoir Scaipeadh ceistneoir ar SurveryMonkey.com ar an 16 Márta 2016. Scaipeadh i measc mhic léinn an Acadaimh atá lonnaithe ar an gCeathrú Rua é. Ba ráta freagartha de 75% a bhí ag an gceistneoir. D’fhreagair 25 duine de na mic léinn é. Bhíothas ag lorg tuairimí na mac léinn a bhíonn ag breathnú ar Facebook a fháil chun eolas cruinn a bhailiú. Cumadh na ceisteanna ón méid a dúirt Allan Kelly ó Karma Galway. 2. (a) Cuireadh ceist ar na rannpháirtithe maidir leis an méid ama a chaitheann siad ar Facebook gach lá. Léirigh na torthaí sa léaráid thíos go gcaitear idir 2-3 uair an chloig (64%) gach lá ag dul trí fhothaí nuachta Facebook. É sin ráite ní chaitear níos mó ná 3 uair an chloig air (8%) nó níos lú ná uair an chloig (12%) 2. (b) Cuireadh an cheist ar mhic léinn an Acadaimh faoi fhógraíocht ar Facebook 2.(b). Dúirt 58% go gceapann said go bhfuil an iomarca fógraíochta ar Facebook fad is a dúirt 41% a mhalairt. Taispeánann sé seo nach bhfuil mórán de dhifríocht idir a gcuid tuairimí faoi chúrsaí fógraíochta ar Facebook.
  • 28. 27 2.(c) Cuireadh an cheist ar na mic léinn An dtugann tú ‘Likes’ do gach rud ar Facebook? Tháinig freagra soiléir ar ais, nuair a dúirt 100% nach dtugann siad ‘Likes’ do gach rud ar Facebook. Léiríonn sé sin ón méid ama a chaitheann siad ar Facebook nach bhfuil siad ag tabhairt a gcuid airde do chuile rud a thagann aníos ar a gcuid fothaí nuachta. 2.(d) Ba í an aidhm an chéad cheist eile a bhí ar an gceistneoir ná a fháil amach cad a thugann mic léinn an Acadaimh ‘Likes’ do. Léiríonn an léaráid thuas gur pictiúir a gcairde (80%) an rud is mó a dtugann siad ‘Likes’ do. Leanadh ar aghaidh agus dúradh gur físeáin a gcairde (8%) an dara rud ba mhó a tugadh ‘Likes’ dóibh. Is fiú tabhairt faoi deara nach bhfuil ach 4% ag rá go dtugann siad ‘Likes’ d’fhógraí ó chomhlachtaí/tithe tábhairne/club oíche srl.
  • 29. 28 2.(e) Dúirt 76% gurbh iad pictiúir an modh fógraíochta is mó is fearr leo agus iad ag tabhairt aird ar fhógraí ó chomhlachtaí ar Facebook. D’aontaigh 24% gur fearr leo ábhar físe. Tháinig freagra cruinn ar ais nuair a dúradh nach dtaitníonn ábhar scríofa (stádas) le 0%. 2.(f) Bhí an cheist deireanach an-tábhachtach. Cuireadh in iúl go dtéann leath de na rannpháirtithe go club oíche i nGaillimh de bharr na bhfógraí a fheiceann siad ar Facebook.
  • 30. 29 4.4 Anailís ar an taighde Déanfar anailís ar an taighde sa chaibidil seo. Léirigh na modheolaíochtaí taighde a baineadh úsáid astu torthaí difriúla ach ag an am céanna bhí nasc le feiceáil ann freisin.  Tugadh faoi deara ón modh breathnóireachta go raibh ardú mór le feiceáil sa ghníomhacht Facebook nuair a bhí comórtas ar siúl sé sin nuair a bhí rud éigin le buachan má dhéantar ghníomhacht Facebook leis an leathanach Facebook ghnó. Rinne an ráiteas ón agallamh an pointe seo a neartú. Dúirt Kelly go mbíonn comórtas ar siúl ag Karma Galway beagnach gach seachtain. Luaigh Kelly faoin ‘Vodka Boat’ a bhíonn le buachan gach Satharn. Mhaígh sé go n-ardaíonn comórtas ar Facebook an méid daoine a fheiceann an post. Dúirt 100% de na daoine ar líon an ceistneoir nach dtugann siad ‘Likes’ do gach rud a fheiceann siad ar Facebook. Cuireann sé seo in iúl don taighdeoir go bhfuil an trácht Facebook a fheiceann an post, go bhfuil siad ag breathnú ar an leathanach go minic.  Léirigh an bhreathnóireacht go mbíonn na clubanna oíche Karma Galway agus Carbon ghnóthach ag an deireadh seachtaine ach léirigh Electric agus Halo go bhfuil go bhfanann a ghníomhacht ar Facebook beagnach mar an gcéanna le linn na seachtaine. Mar sin tá sé deacair a rá go bhfuil lá áirithe níos fearr chun fógraíochta a dhéanamh ar Facebook.  Léirigh an ceistneoir go dtugann 80% de na rannpháiritithe ‘Likes’ do ‘phictiúir mo chairde’. Luaigh Kelly le linn an agallaimh freisin go mbíonn grianghrafadóir proifisiúnta fostaithe acu le pictiúir deasa a thógáil beagnach gach seachtain. Bheadh na daoine ar glacadh a bpictiúr ag cur clibeála orthu féin nó ar a gcuid cairde. Mar thoradh air sin bheadh go leor airde ar fhothaí nuachta Facebook ag tarraingt lucht féachana mór ar leathanach ghnó Facebook.  Shoiléirigh an ceistneoir go gcaitheann 64% de dhaoine 2-3 uair ar Facebook gach uair a théann siad air. Freisin dúirt 95% go dtéann siad ar Facebook gach aon lá. Sin trácht mhargaidh an-mhór. Mar a dúirt Kelly le linn an agallaimh agus mar a léiríonn
  • 31. 30 an bhreathnóireacht, tá sé tábhachtach go gcoinníonn an gnó suas de réir is a mian leis an lucht féachana.  Cé go ndúirt Kelly go bhfuil meath le feiceáil le blianta ar teacht ar fhógraíocht sna páipéir nuachta, dúradh gurbh iad fógraí an bealach is fearr le feiceáil go fisiciúil cé mhéad daoine a chonaic an fógra. Cuireadh sé seo in iúl go bhfuil sé deacair a rá maidir le fógraíocht ar Facebook an n-oibríonn sé. Dúirt 56% nach rachadh siad go dtí ócáid a d’fheicidís fógartha ar Facebook, rud a chuireann leis an ráiteas ó Kelly.
  • 32. 31 Caibidil 5: Conclúid agus moltaí 5.1 Conclúid Léiríonn an taighde seo:  go bhfuil fás tagtha ar chúrsaí fógraíochta ar Facebook le blianta beag anuas.  go bhfuil bealaí áirithe ann chun ‘Likes’ a fháil ar phostanna a chrochtar ar Facebook.  nach bhfuil lá faoi leith sa tseachtain ann atá níos fearr i gcóir fógraíochta a dhéanamh.  go dtarraingíonn pictúirí, físeáin agus post ( i bhfoirm pictúir nó físeáin) greannmhara, an aird is mo ó lucht féachana/leanúna Facebook.  gurbh é comórtas ar Facebook an cineál poist is fearr fógraíocht a dhéanamh ar Facebook.  go gcaithtear go leor ama (os cionn go 40 uaireanta in aghaidh na seachtaine) ar fhógraíocht ar Facebook.  cé go bhfaigheann post ar Facebook go leor airde ar Facebook, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an píosa fógraíochta seo rathúil.  go bhfuil fógraíocht ar Facebook an-tábhactach do ghnó sa lá atá inniu ann.  go ndéanfar forbairt arís is arís eile ar fógraíocht ar Facebook sa todhchaí. 5.2 Moltaí Seo mo chuid moltaí bunaithe ar an taighde:  Má tá ghnó agat atá in earnáil na seirbhíse, tá leathanach Facebook an-tábhachtach sa lá atá inniu ann.  Lucht leanúna dílis a chrúthú a bheadh ag teacht ar ais chuig an leathanch gnó Facebook. Má chruthaítear áit ar Facebook agus ag cur ar fáil eolas suimiúil, mar shampla, comórtais éagsúla, tiocfaidh an lucht leanúna ar ais arís agus arís eile.  Pictiúir físe agus post greanmhara na bealaí a úsáid chun ‘Likes’ agus aird lucht Facebook a mhealladh.  Caithtear go leor ama ar Facebook gach lá. Is margadh ollmhór é. Roghnaigh an spriocmhargadh a theastaíonn uait a mhealladh agus taighde cuí a dhéanamh ar céard ba mhaith leo a fheiceáil. Ba cheart an fhógraíocht cheart a dhéanamh chun an lucht féachana Facebook a thapú.  Is post é féin é fógraíocht ar Facebook agus ba cheart go mbeadh oifigeach poiblí ag gnó ag cur le fógraíocht ar Facebook.
  • 33. 32  Nuair a thagann sé go dtí fógraíocht ar Facebook, tá sé deacair le rá a bhfuil an torthaí le feiceáil. Mar sin bheadh sé níos fearr níos mó ná modh Facebook a bheith ag gnó.
  • 34. 33 Tagairtí Tagairtí 1. Advertising on Facebook. (2011). International Journal of E-Business Development (IJED), 1(1), pp.27, 28. 2. Bell, J. (2010). Doing your research project. Maidenhead: McGraw-Hill Open University Press. 3. Boyd, d. and Ellison, N. (2007). Social Network Sites: Definition, History, and Scholarship. Journal of Computer-Mediated Communication, 13(1), pp.210-230. 4. BrainyQuote, (2016). Mark Zuckerberg Quotes at BrainyQuote.com. [online] Available at: http://www.brainyquote.com/quotes/quotes/m/markzucker453443.html [Accessed 12 Feb. 2016]. 5. BusinessDictionary.com. (2016). What is questionnaire? definition and meaning. [online] Available at: http://www.businessdictionary.com/definition/questionnaire.html [Accessed 25 Apr. 2016]. 6. Haley, A. (2016). Why Using Social Media Is Essential for Today’s Business. [online] http://www.brandingpersonality.com/. Available at: http://www.brandingpersonality.com/why-using-social-media-is-essential-for-todays- business/ [Accessed 25 Apr. 2016]. 7. Hausman, A. (2012). 16 Differences Between Traditional Media and Social Networking. [online] MKT Maven. Available at: https://www.hausmanmarketingletter.com/16- differences-between-social-media-and-traditional-media/ [Accessed 14 Feb. 2016]. 8. J. Silk, A. (2006). What is Marketing. Boston: Harvard Business School Press,p.vii. 9. Kirkpatrick, D. (2010). The Facebook effect. New York:Simon & Schuster. 10. Kvale, Steinar. Interviews An Introduction to Qualitative Research Interviewing, Sage Publications, 1996 11. Lake, L. (2016). Marketing vs. Sales: What is the Difference?. [online] About.com Money. Available at: http://marketing.about.com/cs/advertising/a/marketvsad.htm [Accessed 12 Feb. 2016]. 12. Noyes, A. and Noyes,D. (2015). Top 20 Facebook Statistics - Updated December 2015. [online] Zephoria Inc. Available at: https://zephoria.com/top-15-valuable-facebook-statistics/ [Accessed 11 Feb. 2016]. 13. Statista. (2016). Global Facebook advertising revenue 2015 | Statistic. [online] Available at: http://www.statista.com/statistics/271258/facebooks-advertising-revenue-worldwide/ [Accessed 9 Apr. 2016]. 14. The Business of Social Media: How to Plunder the Treasure Trove. (2011). The Business of Social Media: How to Plunder the Treasure Trove. Reference & User Services Quarterly, 51(2), 127–132. Retrieved from http://www.jstor.org/stable/refuseserq.51.2.127
  • 35. 34 15. Todi, M. (2008). Advertising on Social Networking Websites. [online] Repository.upenn.edu. Available at: http://repository.upenn.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=1054&context=wharton_research_sch olars [Accessed 9 Apr. 2016]. 16. WhatIs.com, (2016). What is Facebook? - Definition from WhatIs.com. [online] Available at: http://whatis.techtarget.com/definition/Facebook [Accessed 12 Feb. 2016].