2. Tháinig an coinín amach as an ngairdín cabáiste.Bhí sé an
sásta leis féin.”Is maith liom cabáiste deas blasta”, ar
seisean. Thosaigh sé ag rince le háthas.
3. Bhí a chluasa fada in airde aige.Bhí soinnach I bhfolach
faoi thor in aice leis.Ní fhaca an coinín é.
4. Léim an soinnach amach agus rug sé greim ar an gcoinín.”
Beidh suipéar blasta agam anocht”, ar an seisean.”Is
cuma liom cad a dhéamfaidh tú liom”, arsa an coinín.
5. “Ach ná caith isteach sna driseacha mé”.Thosaigh an
soinnach ag gáire.”Ó, ná caith isteach sna driseacha mé”,
arsa an coinín,agus é ar crith le heagla, mar dhea.
6. Chaith an soinnach an coinín isteach sna driseacha.Ar an
bpointe , phreab an coinín isteach I bpoll.Tamall ina dhiaidh
sin , chonaic an sionnach an coinín thuas ar thaobh an
chnoic.
7. Bhí an coinín ag rince le háthas agus bhí a chluasa
fada in airde aige.Bhí an soinnach ar buile.