Successfully reported this slideshow.
We use your LinkedIn profile and activity data to personalize ads and to show you more relevant ads. You can change your ad preferences anytime.

Lá le Vailintín

2,360 views

Published on

Scéal faoi Naomh Vailintín

Published in: Education
  • Be the first to comment

Lá le Vailintín

  1. 1. Lá Fhéile Vailintín Cén fáth go ndéanaimid ceiliúradh air?
  2. 2. Déantar ceiliúradh ar Lá le Vailintín gach bliain ar an 14ú Feabhra. Conas?
  3. 3. Vailintín ab ainm do shagart a mhair fadó, fadó. Ceaptar go bhféachann sé cosúil leis an bhfear sa phictiúr seo.
  4. 4. Seo scéal Vailintín, scéal a léireoidh conas go mbeadh sé chomh speisialta sin go bhfuil lá ainmnithe ina dhiaidh. Bhí Vailintín ag maireachtaint níos mó ná 1000 bliain ó shin.
  5. 5. Fadó, fadó bhí impire ann dárb ainm Claudius. Bhí sé ina chónaí sa Róimh i bpálás ollmhór.
  6. 6. Theastaigh ó Claudius go mbeadh an- chuid fir ina airm chun dul ag troid ar a shon i dtíortha difriúla.
  7. 7. Níor theastaigh ó bhformhór na fir dul ag troid mar bheidís scartha óna gclann agus mná céile.
  8. 8. Chuir sé seo fearg ar Claudius agus bheartaigh sé dlí nua a dhéanamh ag rá nách bhféadfadh daoine pósadh. Cheap sé muna mbeadh mná céile agus páistí ag na fir go mbeadh níos mó fonn orthu dul isteach ina airm.
  9. 9. Sagart abea Vailintín. Ceann dena postanna a bhí aige ná daoine a phósadh. Cé gur chuir Claudius cosc ar dhaoine pósadh bhí Vailintín ag pósadh daoine go rúnda – uaireanta ist’oíche, ag cogarnaíl ionas nách gcloisfeadh éinne iad.
  10. 10. Gabhadh Vailintín agus cuireadh i bpríosúin é. Dúirt Claudius go mbeadh air Vailintín a chur chun báis toisc gur bhris sé an dlí.
  11. 11. Nuair a chuala daoine cad a tharla do Vailintín bhíodar an- bhrónach. Chaith daoine bláthanna agus nótaí suas chuig a fhuinneog sa phríosún.
  12. 12. Bhí iníon ag duine des na gárdaí sa phríosún. Lig sé di cuairt a thabhairt ar Vailintín. Bheadh í féin agus Vailintín ag caint lena chéile i gcomhair i bhfad agus d’éirigh siad an-cháirdiúil lena chéile.
  13. 13. Ar an lá a fuair Vailintín bás sheol sé teachtaireacht dá cara ag gabháil buíochais di as ucht a cairdeas. Shínigh sé é…. ó do Vailintín. Bhí sé an 14ú Feabhra.
  14. 14. Anois gach bliain ar an 14ú Feabhra seolann daoine cártaí Vailintín chuig daoine a bhfuil cion acu orthu. Uaireanta teastaíonn ó dhaoine é seo a dhéanamh go rúnda agus mar sin síníonn siad an cárta - Ó do Vailintín
  15. 15. Beannachtaí na Féile Vailintín! Eve batten 11.2.08

×