Explore the new development instruments for Arduino with PlatformIO ecosystem
An hata dearg
1. Hay quienes dicen que las mujeres, cuando son amigas, son insoportables... An Hata Dearg
2. Bean, ag tabhairt spléachadh i scáthán.. Ag aois 2 breathnaíonn sí ar an scáthán Agus tchí sí banríon.
3. Ag 7, tchí sí í féin i gcrot Niamh Chinn Óir, nó Deirdre
4. Ag14, tchí sí bean óg , ach í ramhar, le goiríní, agus bíonn náire uirthi . “Uafásach!” ar sí..
5. Ag 20 , tchí sí bean atá ró-rámhar, ró-thanaí, ró-bheag, ró-ard, gruaig ró-chatach, nó ró-dhíreach. Ach..téann sí amach ar scor ar bith.
6. Ag 30 , fós tá sí ró-rámhar, ró-thanaí, ró-bheag, ró-ard, gruaig ró-chatach, nó ró-dhíreach. Ach..dar léi níl an t-am aici é seo ar fad a shocrú, agus téann sí amach ar scor ar bith.
7. Ag 40, fós tá sí ró-rámhar, ró-thanaí, ró-bheag, ró-ard, gruaig ró-chatach, nó ró-dhíreach. Ach dar léi “Hey, tá mé beo! Ó bhuel!” agus téann sí amach ar scor ar bith.
8. Ag 50, tchí sí a scáth sa scáthan agus dar léi “sa deireadh… seo mise”. Téann sí amach agus deir sí “Mise abú!”.
9. Ag 60, breathnaíonn sí uirthi féin agus smaoiníonn sí ar na mná uilig gur beag orthu amharc sa scáthán Téann sí amach agus scaoileann sí amach é!
10. Ag 70, tuigeann sí a luach féin agus a lúcháir, a mbuanna agus a laigí. Téann sí amach agus baineann sí iomlán suilt as an tsaol.
11. Ag 80…ní bhreathnaíonn sí ar aon scáthán. Cuireann sí uirthi a háta dearg agus away léi ag baint spóirt as an tsaol
12. Cuirimis uilig na hataí dearga orainn níos luaithe sa tsaol! Bíodh an croí níos tábhachtaí ná an crot. Bainimis sult as gach lá agus gach duine a chasann orainn. Réaltán Ní Leannáin