Your SlideShare is downloading. ×
0
Preasráiteas: Níos mó ná 700 ceantar cónaithe ainmnithe i nGaeilge
timpeall na tíre
Aistrithe go Gaeilge ag Justin Ó Scana...
Is é mo bharúil gur chóir go mbeadh coiste ainmnithe ag gach comhairle Cathair agus Contae sa dtír. Tá siad ag roinnt comh...
Upcoming SlideShare
Loading in...5
×

Ríomhthionscadal Cónaithe

1,647

Published on

Labhair mé ar Raidió na Life, NearFM agus Raidió na Gaeltachta faoi seo. Bhí alt i FOINSE faoi freisin.

Published in: News & Politics
0 Comments
0 Likes
Statistics
Notes
  • Be the first to comment

  • Be the first to like this

No Downloads
Views
Total Views
1,647
On Slideshare
0
From Embeds
0
Number of Embeds
3
Actions
Shares
0
Downloads
14
Comments
0
Likes
0
Embeds 0
No embeds

No notes for slide

Transcript of "Ríomhthionscadal Cónaithe"

  1. 1. Preasráiteas: Níos mó ná 700 ceantar cónaithe ainmnithe i nGaeilge timpeall na tíre Aistrithe go Gaeilge ag Justin Ó Scanaill, Gael-Taca I dtosach na Nóchaidí, cheadaigh comhairleoirí Chathair na Gaillimhe rún inar cuireadh in iúl gur sa Ghaeilge amháin a bheadh ainmneacha na bhforbairtí cónaithe nua go léir sa todhchaí chun cathair láidir, dhátheangach a chur chun cinn. Tá an polasaí i bhfeidhm i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contate Átha Cliath Theas anois freisin. Ag casadh an chéid chuir Gael-Taca, eagraíocht mhargaíochta na Gaeilge atá bunaithe i gCorcaigh, seirbhís shaor in aisce, ina dtabharfar ainmneacha Gaeilge mar rogha d’ainmneacha tithe, ar fáil d’fhorbairtí réadmhaoine. Ó shin i leith, tá níos mó ná 300 forbairt ainmnithe as Gaeilge, a bhuí le Gael-Taca. Tá pacáiste faisnéise faighte ó Ghael-Taca ag gach forbróir sa tír, tá teagmháil déanta le han-chuid acu faoi dhó, agus cuireadh glaoch teileafóin ar chuid mhaith acu, ach go mór mór i gCúige Mumhan. Ba é Pádraig Ó Cuanacháin, stiúrthóir margaíochta le Gael-Taca, a bhfuair bás sa bhliain 2008 an fear a bhí freagrach as bheith ag deighleáil leis na fobróirí, ach ba iad daoine eile san eagraíocht a smaoinigh ar na hainmneacha i ndáiríre. Ag tosú i 2009 d’fhéach mé ar roinnt suíomh Greásáin réadmhaoine do roinnt contae agus rinne mé taispeántais sleamhnáin de na forbairtí a raibh ainmneacha Gaeilge orthu, agus d’uaslódáil mé iad ar Slideshare.net. Tá an tionscadal leathnaithe go ceantair is cuma má tá siad sean nó nua, i ngach contae in Éirinn ó thuaidh agus ó dheas, a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu. Nuair a aimsím áit a bhfuil ainm Gaeilge uirthi nach bhfuil taifeadta agam fós, cuirim é leis an r-thionscadal agus féachaim ar na suíomhanna réadmhaoine gach cúpla mí chun a bheith ar an eolas mar gheall ar na logainmneacha nua sa Ghaeilge, agus na hainmneacha sin a chur leis ar an gcuma chéanna. Is iad na contaetha ina bhfuil an méid forbairtí Gaeilge is mó ná suas go dtí seo ná: 1) Gaillimh 121 2) Corcaigh 92 3) Dún na nGall 44 4) An Clár 39 5) Ciarraí 38 6) Liatroim 32 7) Maigh Eo 28 8) Loch Garman 26 9) Port Láirge 25 10) Luimneach 25
  2. 2. Is é mo bharúil gur chóir go mbeadh coiste ainmnithe ag gach comhairle Cathair agus Contae sa dtír. Tá siad ag roinnt comhairlí cheana féin. Ní foláir úsáid ainmneacha Gaeilge a spreagadh go hoifigiúil, ach níor chóir go gcuirfí an próiséas seo i bhfeidhm mura gceadaíonn comhairleoirí Gaeilge a chur ar a bhforbairtí ar fad. I mo thuairimse, ba chóir go n-ainmneofaí gach forbairt go dátheangach, ar a laghad, agus go mbeadh méid agus cló an Bhéarla agus méid agus cló na Gaeilge ar chomh-mhéid ar na colúin ar an slí isteach go forbairtí nua. Ba chóir go mbeadh comhionannas idir an dá theanga náisiúnta. www.slideshare.net/darrenjprior/presentations Nótaí 1) Ní ceantair tí amháin é fiú ceann de forbairtí seo. 2) Is sa chontae atá an chuid is mó de na forbairtí lán-Ghaeilge i gCorcaigh. Níl mórán sa chathair nó sna bruachbhailte. CRÍOCH-ENDS Darren Mac an Phríora 21 Leamháin Chaisleán Cnucha, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15 Fón: 086 3756275 R-Phost: darrenjmacanphriora@gmail.com Suíomh Gréasáin: www.darrenjprior.com Bhí mé i nGael-Taca agus tugadh onóir dom obair le Pádraig Ó Cuanacháin. Sheol mé na céadta ainmneacha chuige i rith tréimhse 5 bliain agus chuaigh sé i dteagmháil leis na forbróirí-ag moladh a gcinneadh ainmneacha Gaeilge a roghnú agus ag tabhairt faisnéise dóibh mar gheall ar an tseirbhís shaor in aisce dá mba mhian leo í a úsáid sa todhchaí. Toisc gur chosúlacht faillí le daoine í an Ghaeilge i rith na blianta tar éis neamhspleáchais, sílim go bhfuil an teanga imithe ó neart go neart, go háirithe le blianta anuas. Taispeánann sé gur fiú í don gheilleagar agus go bhfuil gnaoi uirthi má roghnaíonn daoine í a úsáid mar uirlis mhargaíochta.
  1. A particular slide catching your eye?

    Clipping is a handy way to collect important slides you want to go back to later.

×